Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: beet · meat · meed · meek · melt
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh meet »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
meet1, a. Oiriúnach, feiliúnach, ceart. Diamond meet for a queen, díol banríona de dhiamant. As was meet, mar ba chóir.   meetly, adv. Go hoiriúnach, etc.
meet2, s. Tionól m, cruinniú m (seilge, lucht rothar, etc.).
meet3, I v.tr. 1 Casaim ar, do, le; buailim le. I met him in the street, casadh orm, liom, dom, ar an tsráid é. He met his death at two o'clock, ar a dó a chlog a cailleadh é, a fuair sé bás. 2 a Téim i gcomhrac, i ngleic, le (duine). b Tugaim aghaidh ar (an mbás, dheacracht, etc.). 3 Téim roimh (dhuine). To go to meet s.o., dul i gcoinne, in airicis, duine. The bus meets all trains, bíonn an bus roimh gach aon traein. To arrange to meet s.o., coinne a dhéanamh le duine. 4 Cuirim aithne ar (dhuine). Meet Mr. Walsh, seo agat an Breatnach. Pleased to meet you, cén chaoi bhfuil tú? 5 My request was met by the reply that . . ., is é an freagra a tugadh ar m'achainí go... What a scene met my eyes! a leithéid d'amharc agus bhí romham, If this should meet the eye of the priest, má leagann an sagart a shúil air seo. There is more in it than meets the eye, tá tuilleadh ann, an té a thuigfeadh é. My eye met his, dhearcas sa tsúil air. I dared not meet his eye, ní ligfeadh an eagla dom amharc díreach idir an dá shúil air. 6 a To meet s.o.'s views, teacht chun réitigh le duine. To meet s.o., aontú le duine; tabhairt isteach do dhuine. b Riaraim ar (riachtanas). It does not meet my requirements, ní dhéanfaidh sé cúis dom. He has enough to meet his needs, tá riar a cháis aige. c Com: Freagraím (seic, bille), d To meet expenses, an dola a réiteach; an costas a sheasamh. II v.i. a We have met before, bhí muid ag caint le chéile cheana. Until we meet again, beannacht leat go bhfeicfidh mé arís thú. b To meet (together), teacht le chéile, i gceann a chéile. When the committee meets, nuair a bheidh cruinniú ag an gcoiste. c Tagann le chéile. Where the two rivers meet, ag comhrac an dá uisce. Extremes meet, soir gach siar faoi dheireadh thiar. Our eyes met, dhearcamar sna súile ar a chéile. Trying to make ends meet, ag iarraidh cuid a chur le costas, d To meet with sth., s.o., casadh ar dhuine, rud. He met with a kindly reception, cuireadh fáilte charthanach roimhe. He met with difficulties, casadh deacrachtaí ina bhealach. To meet with losses, cailleadh. He met with a refusal, tugadh an t-eiteach dó. He met with an accident, bhain, tharla, taisme dó.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The meeting adjourned, scoir an cruinniú(until, go dtí).
Was there anyone to meet you there? an raibh duine ar bith romhat ann?
I hope it will meet with your approval, tá súil agam go mbeidh tú sásta leis.
To attend a meeting, bheith i láthair ag cruinniú.
There was a good attendance at the meeting, rinneadh freastal maith ar an gcruinniú.
On the breaking up of the meeting, ar scor don chruinniú.
Business meeting, cruinniú gnó.
The business before the meeting, an gnó atá os comhair an chruinnithe.
In the course of the meeting, i gcaitheamh, i rith, an chruinnithe.
Nau: (Of ships) To meet end on, bualadh éadan le héadan.
To meet one's end, bás a fháil.
Com: To meet one's engagements, na glaonna a fhreastal.
To call an extraordinary meeting of the society, cruinniú neamhghnách den chumann a ghlaoch.
Extremes meet, soir gach siar faoi dheireadh thiar.
The feeling of the meeting, intinn f an chruinnithe.
General meeting, cruinniú ginearálta.
F: To meet half-way, an difríocht a scoilteadh le duine.
Imagine meeting you here! ní féidir gur casadh anseo thusa!
Indignation meeting, cruinniú ag cur in aghaidh (reachta, etc.).
To meet his liabilities, na glaonna air a fhreastal.
Mass meeting, ollchruinniú m.
There was only a meagre attendance at the meeting, ní raibh ach beagán daoine ag an gcruinniú.
They held a meeting, bhí cruinniú acu; thionól siad cruinniú.
To call a meeting, cruinniú a ghlaoch.
Notice of meeting, fógra cruinnithe.
To address a meeting, labhairt le cruinniú.
To put a resolution before the meeting, tairiscint a chur os comhair an chruinnithe.
Rel: To go to meeting, dul chun an teampaill.
Minutes of a meeting, miontuairiscí fpl cruinnithe.
To minute (the proceedings of) a meeting, miontuairiscí cruinnithe a scríobh.
All the more reason why you should meet him, sin mar is cora duit dul chun cainte leis.
There was next to nobody at the meeting, ní mó ná go raibh, is ar éigean a bhí, aon duine ag an gcruinniú.
Com: To meet one's obligations, do dhola a réiteach; na fiacha a íoc.
Open-air meeting, cruinniú amuigh faoin spéir.
There ought to be some fun at to-morrow's meeting, seans go mbeidh spórt ag an gcruinniú amárach.
Overflow meeting, cruinniú m don bhreis.
A packed meeting, cruinniú cóirithe.
To be present at a meeting, a bheith i láthair ag cruinniú.
To present a plan to a meeting, plean a chur os comhair cruinnithe.
To preside at, over, a meeting, a bheith i gceannas cruinnithe, sa chathaoir ag cruinniú.
To put a resolution to the meeting, rún a chur os comhair an chruinnithe.
Goods that meet with a ready sale, earraí a bhfuil siúl maith orthu.
To meet with a rebuff, gonc a fháil.
Meeting of representative men from all classes, cruinniú d'fhir a sheasann do gach aon aicme.
To meet s.o.'s requirements, riar a cháis, cosc a ghá féin, a thabhairt do dhuine.
We had enough to meet our requirements, bhí díol ár bhfreastail againn.
To put a resolution to the meeting, rún a chur os comhair an chruinnithe.
To meet at right angles, dronuillinn a dhéanamh le chéile.
Rival meeting, freaschruinniú m.
To run to meet s.o., rith in airicis duine.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht