EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
milk 1 , s . Bainne m . New milk , leamhnacht f . Milk diet , réim f bainne . F : He came home with the milk , bhí an lá abhaile, chun an bhaile, leis . Land of milk and honey , tír faoi mhil agus faoi bhláth . S.a. FLOW2 4. Milk and water , (i) anglais f ; liathuisce m ; (ii) leamhchas m . Complexion of milk and roses , snó na deirge agus na finne . It is no use crying over spilt milk , níl maith sa seanchas nuair a bhíos an anachain déanta .
milk 2 , v .tr . 1 Crúim, blím (bó) . 2 F : Bainim bearradh de (dhuine) ; saillim (duine) . To milk the till , an ciste a chreachadh . 3 Tg : Tp : To milk a message, to milk the wire , cúléisteacht le scéala .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To adulterate milk , uisce, etc. a chur i mbainne .
Have you any milk (any tobacco, any money, etc.)? an bhfuil aon deoir bhainne (ghráinne tobac, phingin airgid) agat?
Bowlful of milk , lán babhla de bhainne .
Bread and milk , arán bruite ar bhainne .
Coco(a)-nut milk , lacht m cnó cocó .
Add two cupfuls of milk , cuir dhá chupán bainne leis .
Diluted milk, wine , uiscealach m bainne , fíona .
Lit : Land flowing with milk and honey , tír ina mbeadh mil agus uachtar ag gluaiseacht ina slaoda .
Fresh milk , leamhnacht f .
Glass of milk laced with brandy , gloine bhainne agus branda air .
(Of animal) To lap (up) milk , bainne a ól suas, a leadhbadh siar .
The milk leaked away , shil, thráigh, an bainne ; d'imigh an bainne ina bhraonta .
The cat licked up the milk , ligh an cat an bainne .
Malted milk , bainne braichte .
F : A mild as a dove, as milk , chomh modhúil le huan caorach .
Milking machine , bliteoir .
Milk is nourishing , tá cothú maith, scamhard, sa bhainne .
Milk kept overnight , bainne thar oíche ; bainne ó aréir .
Milking parlour , bleánlann f .
Ten parts of water to one of milk , deich dtomhas, gcuid, uisce in aghaidh tomhais, cuid, amháin bainne .
Pass the milk , sín chugam an bainne .
What do you pay for milk? cé mhéad atá tú a thabhairt ar an mbainne .
Milk pudding , milseán m ar bhainne .
Milk punch , puins m bainne .
To put milk in one's tea , bainne a chur ar do chuid tae .
To scald milk , bainne a scalladh .
To separate the milk , an bainne a dheighilt .
To skim milk , bainne a sceideadh .
Sterilization of milk , aimridiú m bainne .
Sterilized milk , bainne aimridithe .
Sugar of milk , siúcra bainne ; lachtós m .
A sup of milk , braon m , scíobas m , bainne .
Sweet milk , leamhnacht f .
Children thrive on milk , déanann an bainne leas na bpáistí .
The milk is on the turn , tá cor sa bhainne .
The heat has turned the milk sour , ghéaraigh an teas an bainne .
The milk turned (sour) , ghéaraigh an bainne .
The value of milk as a beverage , an tairbhe atá i mbainne mar dheoch .
Milk and water , bainne m liath , liathuisce m .
Which do you prefer, milk or cream? cé acu, cé, is fearr leat, bainne nó uachtar?