turn1, s.1Casadh m timpeall m (rotha). With a quick turn of the wrist, le cor mear den rosta. Meat done to a turn, feoil a bheadh bruite díreach mar ba cheart. He wouldn't do a hand's turn for me, ní dhéanfadh sé lán a bhoise orm. 2aCasadh m, cor m (bealaigh); (of hare, etc.) cor m. To make, to take, a turn to the right, casadh faoi dheis, iompú ar dheis. Turn of the wind, léim na gaoithe. F: At every turn, gach uile phointe. bCor m (den saol, etc.). The affair was taking a bad turn, bhí drochchor ag teacht sna gnóthaí. Things are taking a turn for the better, tá cuma na maitheasa ag teacht ar an scéal. The patient has taken a turn for the better, tá iompú bisigh ar an othar. To give a favourable turn to a business, an gnó a chur ar a leas. cTurn of the tide, casadh na taoide. The tide is on the turn, tá an taoide ar thob casadh. The milk is on the turn, tá cor sa bhainne. Turn of the scale, claonadh m na scálaí. dThe sight gave me quite a turn, chuir an radharc casadh aigne orm. eTaom m -a, treall m -a. She had one of her turns yesterday, tháinig taom, tallann, uirthi arís inné. You gave me such a turn!a leithéid de phreab a bhain tú asam!3Geábh m, babhta m. To take a turn in the garden, geábh spaisteoireachta a dhéanamh sa ghairdín. 4aSeal m, uain f. It is your turn, is leatsa anois; is é do shealsa é. It is your turn (to play), leatsa imirt. It will be my turn some day, tiocfaidh mo shealsa lá éigin. In turns, by turns, ar uainíocht, ar shealaíocht. He spoke in his turn, labhair sé ar a sheal. To play out of one's turn, imirt roimh uain. Turn and turn about, gach aon duine ar a uain fhéin. To take turns in, at, doing sth., sealaíocht, uainíocht, a dhéanamh ar rud. To take it in turns to steer, uainíocht, sealaíocht, a dhéanamh (ar a, le, chéile) ar an stiúir. To take one's turn (at work, etc.), do chor, do bhabhta, a chur isteach (ag obair, etc.). bStage turn, babhta m, dreas m, stáitse. 5aSoilíos m, gar m, comaoin f. To do s.o. a (good) turn, soilíos m a dhéanamh do dhuine. To do s.o. a bad turn, drochbheart a imirt ar dhuine. Prov: One good turn deserves another, dlíonn comaoin cúiteamh. bIt will serve my turn, bainfidh mé mo sheal, mo ghairimint, as; déanfaidh sé cúis dom faoi láthair. 6aClaonadh m. His turn of mind, a mheon m. He has a turn for mathematics, tá éirim aige don mhatamaitic; tá féith, mianach, na matamaitice ann. bTurn of a sentence, leagan m abairte. English turn of speech, Béarlachas m, dul m an Bhéarla. The turn of her arm, cruth m a géige. cCar with a good turn of speed, carr a mbeadh teannadh m, gearradh m, maith luais faoi. 7aCasadh m, cor m; coirnéal m (bóthair). Sudden turn, sharp turn, casadh m géar. The path is full of twists and turns, tá gach re casadh agus lúb sa chosán. bCor m, dol m, casadh m (de rópa, de bhís). Nau: Take a turn round the cleat!cuir casadh de ar an gcléit. 8Mus: Casadh m. 9Typ: Cló m iompaithe.
turn2,Iv.tr.1Casaim, cuirim (roth) thart, timpeall. To turn the key in the lock, an eochair a chasadh sa ghlas. To turn the light low, an solas a mhaolú, a ísliú. 2To turn (over) a page, leathanach a iompú, a chur thart. Newly turned soil, ithir úrdheargtha. To turn a garment inside out, ball éadaigh a iompú (taobh tuathail) amach. To turn the hay, an féar a iompú. F: Without turning a hair, gan blas mairge. He didn't turn a hair, níor baineadh biongadh as. 3To turn a horse, capall a thabhairt thart. He turned his steps homewards, thug sé aghaidh ar an mbaile. He never turned a beggar from the door, níor chuir sé bacach óna dhoras riamh. To turn a blow, buille a chosc. To turn the conversation, scéal eile a tharraingt anuas. To turn one's thoughts to God, do smaointe a iompú chun Dé. 4Casaim, iompaím (mo cheann); dírím (mo shúile)(towards, ar). To turn a telescope on a star, teileascóp a dhíriú ar réalta. To turn one's back on s.o., do chúl a thabhairt le duine. 5To turn the laughter against s.o., dóigh mhagaidh a dhéanamh de dhuine. To turn s.o.'s argument against himself, duine a bhréagnú as a bhéal féin. 6aTo turn the corner, an coirnéal a chasadh. bHe is, has, turned forty, tá an dá scór caite, thairis, aige. It is turned seven o'clock, tá sé tar éis a seacht a chlog. 7a(Transform) Athraím (rud)(into, go). To change water into wine, fíon a dhéanamh d'uisce. To turn s.o. into a cow, duine a chur i riocht bó. His love was turned to hate, rinne fuath den ghrá aige. To turn Latin into English, Béarla a chur ar Laidin. To turn a sentence into French, abairt a aistriú, a thiontú, go Fraincis. b(Render) The heat has turned the milk sour, ghéaraigh an teas an bainne. Autumn turns the leaves yellow, cuireann an Fómhar dath buí ar na duilleoga. You will turn me mad, cuirfidh tú as mo mheabhair mé. cSuccess has turned his head, chuaigh an rath ina cheann dó. 8Deilim, dealbhaím. F: Well-turned leg, cos chórach. Well-turned sentence, abairt shnoite. II►turn, v.i.1Casann. aThe wheel turns, casann an roth; téann an roth thart, timpeall. My head turns, tá ré roilleacán i mo cheann. bEverything turns on your answer, tá an t-iomlán ag brath ar d'fhreagra. The conversation turned on a variety of subjects, is iomaí scéal ar tarraingíodh an comhrá air. 2aTo toss and turn in bed, a bheith ag únfairt sa leaba. bIt turned upside down, d'iompaigh sé thar a chorp. 3Casaim thart, iompaím. To turn short, iompú grod. Mil: Right turn! Left turn!deas-iompaigí! clé-iompaigí!4aCasaim, iompaím. He turned to the left, d'iompaigh sé ar clé. Nau: To turn to the east, coradh soir. To turn sixteen points, teacht thart sé phointe dhéag (ar a leathbhord). The wind is turning, tá an ghaoth ag athrú. bDírím, iompaím, tugaim aghaidh (ar rud, ar dhuine). My thoughts often turn to this subject, is minic mo mhachnamh ar na cúrsaí seo. To turn to a document, dul i muinín cáipéise. I don't know which way, where, to turn, níl fhios agam cá dtabharfaidh mé m'aghaidh. To turn to s.o., dul i muinín, ar iontaoibh, duine. 5aThe tide is turning, tá an taoide ag casadh. His luck has turned, d'iompaigh an roth air. bTo turn against s.o., dul in aghaidh duine. To turn against sth., gráin a thabhairt ar rud. 6aAthraím, iompaím(into, go, i mo); téim i riocht(into sth., ruda). She turned into a swan, rinne eala dí; chuaigh sí i riocht eala. It is turning to rain, tá báisteach air, tá an fhearthainn chugainn. The snow has turned into slush, tá an sneachta ina ghreallach. The affair was turning to tragedy, bhí an scéal ag iompú chun tubaiste. bIt turns acid, géaraíonn sé; déanann sé aigéad. The milk turned (sour), ghéaraigh an bainne. His head has turned with success, chuaigh an rath ina cheann dó. The leaves are beginning to turn, tá imir bhuí ag teacht sna duilleoga. F: To turn all the colours of the rainbow, dathanna a chur díot féin. It's turning cold, tá sé ag éirí fuar. cHe turned socialist, d'iompaigh sé ina shóisialach. He turned soldier, chuaigh sé le saighdiúireacht. Why should he not turn a good husband?cad chuige nach ndéanfadh sé fear céile maith?