value1, s.Luach m -a, fiúntas m.1It is of value, tá fiúntas ann. It is of little value, is beag is fiú é; ní fiú mórán é. Of no value, suarach; san aird. He doesn't know the value of time, ní thuigeann sé chomh luachmhar is atá an t-am. To set a low value on sth., rud a mheas faoina luach. To set a high value on sth., ardmheas a bheith agat ar rud. Com: increase, decrease, in value, ardú m, ísliú m (luacha). 2To pay s.o. the value of the lost umbrella, luach an scáth fearthainne (a cailleadh) a chúiteamh le duine. Com: For value received, ar chúiteamh a fuarthas. He got good value for his money, fuair sé luach a chuid airgid go maith. It is very good value, conradh maith ar an airgead é. The value of milk as a beverage, an tairbhe atá i mbainne mar dheoch. Food value, bialuach m. 3Éifeacht f. Propaganda value, éifeacht bholscaireachta. To give full value to each word, a cheart féin a thabhairt do gach focal. 4El: Tomhas m (voltais).
value2, v.tr.1Com: To value goods, earraí a mheas, a luacháil; luach a chur ar earraí. 2aIs mór agam (duine, rud). He values his life, is milis leis a bheatha. He doesn't value his skin, ní suim leis a bheo. bHe values himself on his achievements, tá meas an domhain aige air féin as a bhfuil déanta aige. 3v.i.Com: To value upon s.o., tarraingt ar dhuine.