EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
nine . 1 num. a . a Naoi (followed by eclipsis). Nine horses , naoi gcapaill, gcapall . Nine times , naoi n-uaire . Nine months , trí ráithe . He has nine lives , ní mharódh an diabhal é . A nine days wonder , scéal mór seal lae . b Nine or ten years , a naoi nó a deich de bhlianta . c (The) nine persons , (an) naonúr . Nine women , naonúr ban . 2 num. s . a (A) naoi . (Counting) Eight, nine, ten , a hocht, a naoi, a deich . Nine and one is ten , a naoi agus a haon (sin) a deich . Nine and six(pence) , naoi agus réal . Adv.phr . Dressed up to the nines , gléasta go barr na méar . b (Of persons) Naonúr m .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Between eight and nine o'clock , idir a hocht agus a naoi a chlog .
Carry two and seven are nine , dó anall, tabhair leat dó, agus a seacht sin a naoi .
Close (up)on nine o'clock , ag breith suas ar an naoi (a chlog) ; i ngar don naoi .
The house comprises nine bedrooms , tá naoi seomra codlata sa teach .
She is dressed up to the nines , tá sí go púdrach péacach, pioctha péacach .
(Counting) Seven, eight, nine , a seacht, a hocht, a naoi .
Eight and one is nine , a hocht agus a haon (sin) a naoi .
Eighty-one, -nine , a haon, a naoi, agus ochtó ; a haon, a naoi, agus ceithre fichid .
Fifty-one, -nine , a haon, a naoi, agus caoga ; a haon déag, a naoi déag, agus daichead .
Forty-one, -nine , a haon, a naoi, agus daichead ; a haon, a naoi, agus dhá scór.
Two hundred and one, nine, pounds , punt, naoi bpunt, agus dhá chéad .
A hundred and one, nine , a haon, a naoi, agus céad ; céad is a haon, is a naoi .
He appeared at nine to the minute , tháinig sé ar bhuille an naoi .
Ninety-nine horses , naoi gcapall déag is ceithre fichid .
Ninety-one, -nine , a haon, a naoi, agus nócha .
Prov : Possession is nine points of the law , is minic gur fearr 'agam' ná 'liom'
School begins at nine , tosaíonn obair na scoile ar a naoi a chlog .
Seventy-one, -nine , a haon, a naoi, agus seachtó ; a haon déag, a naoi déag, agus trí fichid .
Sixty-one, -nine , a haon, a naoi, agus seasca ; a haon, a naoi, agus trí fichid .
To sleep for nine solid hours , codladh naoi n-uaire as a chéile .
A stitch in time saves nine , an té nach gcuirfidh greim cuirfidh sé dhá ghreim .
On the stroke of nine , ar bhuille a naoi .
Nine or ten years , a naoi nó a deich de bhlianta .
(Counting) Nine, ten, eleven , a naoi, a deich, (a h)aon déag .
F : Nine tenths of the voters , formhór mór na vótálaithe .
Thirty-one, -nine , a haon, a naoi, is tríocha ; a haon, a naoi déag, ar fhichid, is fiche .
A nine-days' wonder , comhrá m naoi lá .