EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
hundred . 1 num . a . Céad followed by nom . sg . A hundred years , céad bliain . A hundred and five horses , cúig chapall ar chéad, agus céad . Com : A hundred eggs , céad ubh ; sé scór uibheacha ; deich ndosaen uibheacha . Two hundred apples , dhá chéad úll . Two hundred and one, nine, pounds , punt, naoi bpunt, agus dhá chéad . 2 num . s . Céad m . To live to be a hundred , an céad a shárú . A hundred per cent ., céad faoin gcéad . They died in hundreds, in hundreds of thousands , fuair siad bás ina gcéadta, ina gcéadta míle . To sell by the hundred , díol de réir an chéid . He has three hundred a year , tá trí chéad sa bhliain dó . A hundred and one, nine , a haon, a naoi, agus céad ; céad is a haon, is a naoi . In nineteen hundred , sa bhliain a naoi gcéad déag .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He can trace his descent above four hundred years , tá ginealach a chine aige siar tuilleadh is, breis is, ceithre chéad bliain .
It is almost one hundred years , tá sé céad bliain ach sa bheag .
Two hundred and two , dhá chéad is a dó .
Towns a hundred miles apart , bailte a bhfuil céad míle eatarthu .
The cost of it is estimated at five hundred pounds , meastar go mbeidh cúig chéad punt de chostas air .
It will cost five hundred in round figures , cosnóidh sé isteach is amach le cúig chéad .
For one enemy he has a hundred friends , in aghaidh gach aon namhad dá bhfuil aige tá céad cara .
A hundred employees to go , tá céad feidhmeannach le leagan as .
Four hundred miles in two hours, that’s very good going , ceithre chéad míle in dhá uair a chloig, is breá an siúl é .
(Even) if I were given a hundred pounds, I would not do it , dá dtabharfaí céad punt féin dom ní dhéanfainn é .
They died in hundreds , fuair siad bás ina gcéadta .
Four hundred infantry , ceithre chéad coisí .
A hundred pounds at the very least , céad punt ar an gceann caol de, ar a laghad ar bith .
He will live to be a hundred , mairfidh sé an céad .
Com : Long hundred , céad mór .
A hundred pounds at the very lowest , céad punt ar a laghad ar bith, ar an gcuid is lú de .
A hundred pounds is the most I can manage , ní hacmhainn dom thar céad punt .
F : Not a hundred miles away , (duine) nach bhfuil i bhfad uainn .
Society that musters a hundred (members) , cumann a bhfuil céad ball ann .
He netted one hundred pounds (on the transaction) , rinne sé céad punt (ar an ngnó) .
A hundred odd yards , corradh le céad slat .
Of the hundred only one was bad , ní raibh ach aon drochcheann amháin sa, ar an, gcéad .
One hundred and one years , bliain agus céad .
A hundred pounds reward , céad punt de dhuais .
Somewhere round a hundred pounds , isteach agus amach le céad punt .
It will run to a hundred , déanfaidh sé an céad .
It fell short of the hundred , bhí sé faoi bhun an chéid .
To serve five hundred people at one sitting , cúig chéad a chur chun boird in éineacht .
A hundred pounds or so , tuairim agus, suas agus anuas le, céad punt .
Some five hundred people , amuigh is istigh le cúig chéad duine .
These horses stood me in (at) three hundred , chosain na capaill seo trí chéad punt orm .
A company two hundred strong , dhá chéad de líon slua .
A hundred pounds will be sufficient , déanfaidh céad punt an gnó .
A hundred miles there and back , céad míle ann agus as .
Abs .He can throw a hundred yards , tá caitheamh, urchar, céad slat aige .
To tip the scale(s) at a hundred pounds , céad punt a bhualadh ar na scálaí .
The total amounts to a hundred pounds , céad punt an t-iomlán .
Aut : We travelled two hundred miles in one day , rinne muid dhá chéad míle in aon lá amháin .
Bill : Game of a hundred up , cluiche m céid .
There are a hundred fathoms of water , tá céad feá ar doimhne ann .