Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: abject · object · subrent · subvert · suspect
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for subject »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
subject1, s. 1 Géillsineach m. British subject, géillsineach Briotanach. 2 a Gram: Ainmní m. b Phil: Suibiacht f. 3 a ábhar m (comhrá); téama m (tráchtais). Let us return to our subject, fillimis ar an ábhar (atá i dtreis againn). On the subject of..., i dtaca le ... To change the subject . . ., le scéal eile a tharraingt anuas . . . b Ábhar m (léinn). What subjects do you teach? cad iad na hábhair a mhúineas tú? 4 Ábhar m, damhna m (fiosrúcháin). A subject of ridicule, dóigh mhagaidh. Good hypnotic subject, dóigh mhaith hipneoise.
subject2, a. 1 Géilliúil, umhal(to, do); faoi réir(to s.o., dhuine, ag duine). Subject country, tír faoi smacht. Subject to the laws of nature, faoi réir ag dlíthe an nádúir. Subject to military law, faoi chuing an dlí mhíleata. 2 a Tugtha(to, do); claon(to, chun). Subject to colds, tugtha do shlaghdán. He is subject to extraordinary whims, tagann tallanna aisteacha air. b Price subject to 5% discount, luach a bhfuil 5% lascaine le baint as. Subject to forfeiture, indílsithe. Subject to stamp duty, agus cáin stampa le híoc. The plan is subject to modification, féadtar athruithe a chur ar an bplean. 3 (Conditional) Subject to ratification, ach a dhaingniú. Subject to alteration, mura ndéantar athrú air.
subject3, v.tr. 1 Cuirim (tír, pobal) faoi smacht; ceansaím. 2 To subject s.o. to an operation, duine a chur faoi obráid. To subject s.o. to an examination, scrúdú a chur ar dhuine. To subject s.o. to criticism, locht a fháil ar dhuine.
RELATED MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To approach s.o. on the subject of . . ., dul chun cainte le duine faoi . . .
Words appropriate to the subject, caint atá (a bhí, etc.) ag cur leis an ábhar.
Every aspect of the subject, gach gné den scéal.
Barren subject, ábhar tur, tanaí.
To bring on a subject for discussion, ábhar díospóireachta a tharraingt anuas.
To bring the conversation round to a subject, an comhrá a tharraingt ar rud.
To bring up a subject, scéal a tharraingt anuas.
F: To brush up a subject, athstaidéar a dhéanamh ar ábhar.
To ring the changes on a subject, gach aon ghné d'ábhar a phlé.
To change the subject, ábhar eile a tharraingt anuas.
Competence in a subject, inniúlacht f in ábhar.
To concentrate on a subject, d'intinn a chruinniú ar ábhar.
To be the subject of conversation, bheith mar ábhar cainte.
He dealt with the subject, phléigh sé an t-ábhar.
A book dealing with the subject, leabhar ag baint leis an ábhar.
To dilate (up)on a subject, cuntas fada a thabhairt ar ábhar; dul i bhfadscéal le hábhar.
Let us dismiss the subject, caithimis uainn é mar scéal.
The subject is not lightly to be dismissed, scéal é a mba chóir staidéar a dhéanamh air.
Let us drop the subject, scoirimis de mar scéal, caithimis tharainn é.
A dry subject, ábhar tur.
To treat a subject exhaustively, scéal a phlé go mion.
Sch: Extra subject, ábhar breise.
On this subject there are already several books in the field, tá a lán leabhar ar an ábhar seo le fáil cheana féin.
F: He subjected me to a rapid fire of questions, bhí gach dara ceist aige orm de dhroim a chéile.
To treat a subject fully, ábhar a shaothrú go grinneall.
Questions germane to the subject, ceisteanna a bhaineas leis an ábhar, a thagas i dtreis leis an ábhar.
I got him on to the subject, d'éirigh liom é a chur ag caint ar an scéal.
Glimpse of a subject, leid f, léargas m, ar ábhar.
He let himself go on that subject, lig sé scód leis féin agus é ag caint faoin ábhar sin.
To go back on a subject, dul i gceann ábhair arís.
He went into detail on the subject, phléigh sé an t-ábhar go mion.
He has a good grip of the subject, tá an t-ábhar ar a thoil aige; tá an-chur amach aige ar an ábhar.
That subject is forbidden ground, b'fhearr an scéal sin a sheachaint.
That is immaterial to the subject, níl baint ar bith aige sin leis an ábhar.
To subject sth. to close inspection, mionscrúdú a dhéanamh ar rud.
To introduce a subject, scéal a tharraingt anuas.
To have a thorough knowledge of a subject, eolas domhain a bheith ar ábhar agat.
Once he is launched on that subject he cannot be stopped, nuair a bhaintear é faoin scéal sin ní féidir é a stopadh.
To lead up to a subject, tarraingt ar scéal; fóid a bhaint as scéal.
Traders subject to a licence, requiring a licence, lucht díolacháin faoi cheadúnas.
The literature of a subject, a bhfuil le léamh ar ábhar.
To be master of a subject, bheith ard-oilte ar ábhar.
To have mastered a subject, bheith i d'údar ar ábhar léinn.
She is mistress of her subject, tá an t-ábhar ar a comhairle féin aici.
He is subject to moods, tá taghdanna ann.
Sch: F: To mug up a subject, ábhar (léinn) a charnadh.
The subject is quite new, ábhar é nár pléadh fós.
To be open-minded on a subject, gan bheith i leith taoibh ar bith.
To pass on to a new subject, athrach scéil a tharraingt ort féin.
Attrib. He is on his pet subject again, tá sé ar a sheanphort arís.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News