top1Is.1Barr m, buaic f, mullach m (crainn, sléibhe, etc.); mullach m (uibhe). On the top of his head, ar bhior a chinn, ar mhullach a chinn. At the top of the tree, i mbarr an chrainn. From top to bottom, top to toe, ó sháil go rinn; ó bhun go barr. To put the best apples on top, na húlla is fearr a chur in uachtar. He came out on top, rug sé an chraobh leis. We are on top, is sinne is treise; sinne atá in uachtar. F: One thing happens on top of another, tarlaíonn gach aon rud i mullach a chéile. He went to bed on top of his supper, chuaigh sé a chodladh láithreach tar éis suipéir. On top of it all he wanted . . ., mar bharr ar an iomlán, bhí sé ag iarraidh . . . Mil: To go over the top, dul de dhroim trinse. 2Barr m, craiceann m (uisce); uachtar m (bus); dromchla m (na talún); clár m (boird). Oil always comes to the top, tagann an ola i gcónaí ar uachtar. 3Uachtar (bróige); rigín m (stoca); díon m (cairr, cóiste). Bottle top, caipín m buidéil. 4Barr m, ceann m (leathanaigh, etc.). Bookb: Gilt top, barr óraithe. 5Ceann m (boird, sráide). To be at the top of the form, a bheith ag ceann, ag tosach, an ranga. 6He shouted at the top of his voice, chuir sé a sheanbhéic as; ghlaoigh sé in ard a chinn. I was at the top of my form, bhí mé i mbarr mo mhaitheasa agus mo shláinte. He enjoyed himself to the top of his bent, bhí an-spórt go deo aige. Aut: F: To climb a hill on top, dul suas cnoc san ardghiar. (Cf. TOP-GEAR 2) Nau: The top of the flood, of the tide, barr taoide, barr láin, lán mara. 7Bot: Flowering top, ceann bláfar. Hort: Turnip tops, scothóga tornapaí. 8Nau: Barrléibheann m (crainn). 9Spinning top, caiseal m. II►top, attrib.a.1Uachtarach, uachtair, bairr. The top stones, na clocha cinn. The top floor, an t-urlár uachtarach. The top stair, an chéim is airde. A top garment, ball m éadaigh amuigh. Cu: Top ribs (of beef), barreasnacha fpl (mairteola). S.a. HAT. 2Príomh-, ard-. Sch: The top boy, an garsún is fearr sa rang. He is the top dog, is aige atá an lámh in uachtar.
top2, v.tr.1Gearraim, bearraim, bainim, scoithim, an barr de (chrann). 2aCuirim barr ar (rud)(with, le). A statue tops the column, tá dealbh i mbarr an cholúin. bHe topped off his dinner with a cup of coffee, chaith sé cupán caife siar tar éis a dhinnéir. And to top it all. . ., agus mar bharr ar an iomlán ... 3Sáraím, bainim (an) barr de. To top sth. in height, barr airde a bhreith ar rud. The takings have topped a thousand pounds, scoith an teacht isteach an míle. To top s.o. by a head, an cloigeann a bheith agat ar dhuine. 4To top a hill, barr cnoic a bhaint amach. The squadron topped the ridge, ghlan an scuadrún barr an chnoic. 5To top a list, a class, bheith i mbarr an liosta, ag ceann an ranga. 6Golf: Sciotaim (liathróid) in uachtar.
top3, s.Caiseal m.To spin a top, caiseal a chur ag rince.