EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
at , prep . 1 (Position) Usu. Ag. a At the top , ag an mbarr . At table , ag bord . At church , san eaglais, i dteach an phobail . At the centre , i lár báire . At war , i gcogadh . At school , ar scoil . The dog was at his heels , bhí an madra lena shála . At hand , faoin láimh . At the fair , ar an aonach . At sea , ar muir . b At home , faoi bhaile, sa bhaile . At the tailor’s , tigh, i dteach, an táilliúra . c To sit at the window , suí ag an bhfuinneog . He came in at the window , isteach an fhuinneog a tháinig sé . 2 (Time) At present , san am i láthair, faoi láthair . At six o'clock , ar, ag, a sé a chlog . Two at a time , ina bpéirí . At dawn , le breacadh an lae . At Christmas, Easter , faoi, um, Nollaig, Cháisc . S.a. TIME1 5. At night , san oíche, ist oíche . 3 (Price) At two shillings a pound , ar dhá scilling an punt . At six per cent ., de réir sé faoin gcéad . 4 At my own request , ar m'iarratas féin . At all events , ar aon nós ; ar scor ar bith . 5 Good at games , maith chuig, chun, cluichí . Clever at the work , cliste chun na hoibre, chuig an obair . 6 a To look at sth ., amharc ar rud . He was surprised at it , bhí iontas air mar gheall air . b To laugh at sth ., gáire a dhéanamh faoi rud . To wonder at sth ., iontas a dhéanamh de rud . c To be at work , bheith ag obair, i gceann oibre . To be at sth ., bheith gnóthach le rud . She's at it again (i.e., crying, etc.) , tá sí ar obair arís . While we are at it, why not . . ., tharla sinn ina cheann, cad chuige nach . .., ó támuid leis, cad chuige nach ... d To be at s.o ., bheith ag gabháil do dhuine, beith sáite as duine . They are at me again , tá siad ag gabháil dom arís . At them! leagaigí orthu! lomaigí orthu! (To dog) At him! sturr! stoir! beir air! He set the dog at him , chuir sé an madra ann, as .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To eat two at a time , péire a ithe le chéile, ag an am (céanna) .
They came in two at a time , tháinig siad isteach ina mbeirt agus ina mbeirt .
To abide at, in, a place , cónaí, bheith i do chónaí, in áit .
Jur : Action at law , caingean f dlí .
a .To be adept in sth., at doing sth ., bheith deas, deaslámhach, oilte, ar rud, ar rud a dhéanamh .
s .He is an adept at it , tá sé ina mháistir air ; tá sé ar bharra a mhéar aige .
To take s.o. at advantage , teacht aniar aduaidh ar dhuine .
At, by, on, under, s.o.'s advice , ar comhairle duine .
To suffer an affront (at the hands of s.o.) , masla a fháil (ó dhuine) .
At half-past two in the afternoon , leathuair tar éis a dó tráthnóna .
At his age , san aois a bhfuil sé .
He stood aghast at it , rinneadh staic de le faitíos, le hiontas ; cuireadh an croí ar crith ann .
I was agonized at the thought that . . ., bhí sé ag dul tríom a smaoineamh go . . .
To take aim at s.o ., amas m a thógáil ar dhuine .
To aim a stone at s.o ., cloch a chaitheamh le duine .
To aim a blow at s.o ., iarraidh de bhuille a thabhairt ar dhuine .
To aim a gun at s.o ., gunna a dhíriú ar dhuine .
His remarks were aimed at me , chugamsa a bhí sé ag caitheamh .
To aim at s.o. with a gun , gunna a dhíriú ar dhuine .
He was aiming at becoming a doctor , bhí sé ag aimsiú ar bheith ina dhochtúir .
What are you aiming at? cad é an cuspóir atá romhat (féin) agat?
Decree that aims at altering . . ., reacht atá ag iarraidh ... a athrú .
At all hours , moch mall, go moch is go mall .
Did you speak at all , ar labhair tú focal ar bith?
Do you know him at all? an bhfuil aon aithne agat air?
Are you ill? Not at all! an bhfuil tú breoite? nílim ná breoite .
Nothing at all , rud ar bith, aon rud .
I don't know at all , níl a fhios agam faoin spéir ; níl a fhios agam dubh ná bán .
If he comes at all , má thagann sé ar chor ar bith .
If you are at all anxious , má tá (bhíonn) imní dá laghad ort .
If there is any wind at all , má tá (bhíonn) smid ar bith gaoithe ann .
All at once , (i) (suddenly) go tobann ; (ii) (at one time) in éineacht.
To kneel at the altar-rail (for communion) , dul chun na haltóra .
I was amused at it , chuir sé fonn gáire orm .
To lie, ride, at anchor , bheith ar ancaire .
At an angle of . . ., ar uillinn . . .
At an angle , ar fiar, ar claonadh .
The house stands at an angle to the street , tá an teach ar fiar leis an tsráid .
He wore his cap at an angle , bhí a chaipín ar leathstuaic air .
He was angry at being kept waiting , bhí fearg air cionn is gur baineadh moill as .
He got annoyed at me , tháinig rothán air liom .
At any hour of the day , am ar bith sa lá .
Anyone who had seen him at the time . . ., cibé, an té, a chonaic san am é ...
Jur : Appeal at law , achomharc m .
The boat, it appears, did not call at . . ., de réir cosúlachta, níor tháinig an bád isteach go ...
To make an appearance, one's appearance (at a place) , teacht ar an láthair .
At first appearance , ar an gcéad amharc .
He did not come at the appointed time , níor tháinig sé ag an uair a bhí leagtha amach, a bhí ceaptha .
To be apt at doing sth ., bheith oilte, deas, ar rud a dhéanamh .
It arches at the east end , tá stua sa cheann thoir de .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
What are you about? cad é atá ar siúl agat?
While you are about it , nuair atá do lámh ann .
The accessibility of the house , a éasca atá sé an teach a bhaint amach .
Knowledge accessible to everyone , eolas atá le fáil ag gach aon duine .
When I consider his achievement , nuair a smaoiním ar an éacht atá déanta aige .
His acquaintance with Latin , an t-eolas atá aige ar an Laidin .
The scene of action is in Dublin , i mBaile Átha Cliath atá suíomh an scéil .
In actual fact , mar atá an scéal .
The actual position of affairs , an chaoi atá ar na gnóthaí faoi láthair .
He is actuated by jealousy , éad atá taobh thiar de .
Acute stage of disease , an uair atá an aicíd go han-dona .
The land adjoining mine , an talamh atá sínte le mo chuidse .
He adjusted his hat , shocraigh sé a hata ar a cheann .
Harbour that admits large ships , cuan atá inseolta ag longa móra .
F : His adoration for her , an grá atá aige di .
Advanced students , scoláirí atá oilte go maith .
He affects the high-brow , cuireann sé i gcéill gur duine intleachtach atá ann .
Affianced couple , lánúin atá geallta dá chéile .
She is early afoot , is luath atá sí ar a cois .
What is he after? (i) cad é atá ina cheann? (ii) cad é atá sé a thóraíocht?
I see what you're after , tuigim cad é atá fút .
In after-days , (i) san am atá le teacht ; (ii) sna laethanta ina dhiaidh sin .
F : What's his name again? cén t-ainm seo atá air?
To brush a hat against the nap , hata a scuabadh in aghaidh stuif .
He has a daughter your age , tá iníon aige atá comhaois leat .
The present age , an ghlúin atá anois ann .
What ails you? cad é atá ort?
What are you aiming at? cad é an cuspóir atá romhat (féin) agat?
Decree that aims at altering . . ., reacht atá ag iarraidh ... a athrú .
Man alive! is it you? an féidir gur tú atá ann?
He is fully alive to the danger , tuigeann sé go maith an chontúirt atá ann .
Circumstances will not allow it , mar atá na gnóthaí níl sé indéanta .
London alone has a population equal to . . ., ach amháin Londain níl an dara baile a bhfuil oiread daoine ann is atá i . . .
Your work is all right, leave it alone , tá do chuid oibre mar is ceart, fág é mar atá sé .
Prov : Let well alone , nuair atá tú go sóúil fulaing thú féin .
Trees along the river , crainn atá le taobh na habhann .
He is one among a thousand , fear as an míle atá ann .
What is the amount of it? cé mhéad atá ann?
I don't know what my debts amount to , níl a fhios agam cé mhéad fiacha atá orm .
Anchored net , eangach atá curtha .
It is getting better and better , ag bisiú ar fad atá sé .
F : He is angling for compliments , ag súil le moladh atá sé .
She is angling for a husband , ag iarraidh fear céile atá sí .
He has a lot to answer for , is iomaí rud a gcaithfidh sé cuntas a thabhairt ann, atá le cúiteamh aige .
My antagonist , an té atá i m'aghaidh .
The last act forms an anticlimax , béim síos atá sa ghníomh deiridh .
He is anything but mad , níl sé ar mire, cibé ar bith eile atá air .
So it appears, so it would appear , sin an chuma, an chosúlacht, atá air .
The appearance of the streets , an chuma, an dreach, atá ar na sráideanna .