EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
dorcha aid3 gan solas; gan a bheith geal; dubh (dorcha sa chraiceann, craiceann dorcha) caoch, dall; (le duine) coimhthíoch, nach maith leis cuideachta ► dorchacht bain3 ► dorchadas fir1
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
dorcha, ar dhath na céarach
duine dorcha i ngné; duine den chine gorm
dubh dorcha; mistéireach; aonarach, iargúlta; uaigneach; eaglach
dorcha, gruama; brónach, doilbhir
dorcha, gruama, dubhach, duairc; balbh nó ar easpa líofachta sa chaint
deacair a fheiceáil nó a thuiscint, míshoiléir; smúitiúil, dorcha (ceo doiléir)
éirí dorcha nó a dhéanamh dorcha
éan de chineál an loin a bhfuil clúmh gléasta dorcha air agus spotaí liathbhána ann
dubh, dorcha; dian, tréan; doilbhir, duairc; coimhthíoch, iargúlta
ar an dath is dorcha, ar dhath an ghuail; dorcha (bhí an oíche dhubh ann); dúchroíoch, dúr, drochaigeanta
duairc, gruama; brónach; dubh, dorcha
oíche nó cuid d'oíche gan aon ghealach; oíche dhubh dhorcha
ar dhath an fhéir nó an duilliúir ag fás; óg, neamhaibí (adhmad glas); gan taithí (tá an fear bocht glas air); neamhoilte (saighdiúirí glasa); lag i mbrí (deoch ghlas); dorcha liath (flainín glas); liathghorm (súile glasa); lonrach mar chruach (sceana glasa); fuar, gruama (aimsir ghlas); gan substaint (iasc glas)
duine de phór na hAfraice a bhfuil craiceann dorcha air
crann dorcha síorghlas, a bhíonn le fáil go minic i reiligí; adhmad an chrainn sin
dorcha liath; odhar, liathdhonn
an ciorcal beag dorcha i lár na súile a ligeann isteach an solas le radharc a thabhairt duit
dorcha, gruama; scamallach (lá, uisce, súile, modartha)
moll tor; caschoill, fásach; múr nó néal dorcha
fíon láidir neartaithe, agus é dorcha dearg de ghnáth, a thagann ón bPortaingéil, pórtfhíon
beoir shearbh dhorcha dhonn a dhéantar as braich bharrdhóite
púic bheag; bothán beag dorcha
ceann de na gathanna láidre a ghabhfaidh trí gach rud beagnach ach miotal agus cnámh (Bíonn na cnámha le feiceáil go soiléir ina scáileanna dorcha i bhfótagraf x-ghathach ní hionann is na páirteanna ina dtimpeall)