Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: fáide · aide · fade · faid · faile
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
faide could be a grammatical form of: fada »
EXACT MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
faide bain4 fad
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
ón áit istigh go dtí an áit amuigh (amach as an teach); in áit atá giota uait (os mo chomhair amach); go háit atá níos faide uait (amach an sliabh; chuaigh siad siar amach; amach chun na hAstráile); le himeacht ama (uaidh seo amach); níos moille (amach sa bhliain); siar (fan amach ón tine); ar amharc (an taobh tuathail amach); os comhair an tsaoil (má théann an scéal sin amach ort); os ard (abair amach é); ar fad (is deas amach é); go deireadh (throid siad amach é)
faoin aer (amuigh sa pháirc); gan a bheith istigh nó sa bhaile (tá fear an tí amuigh); i bhfad uait (amuigh ag bun na spéire); is faide amach (an balla amuigh); as áit, as alt (tá mo ghualainn amuigh); tagtha amach (tá na bláthanna amuigh); sa domhan (an rud is measa amuigh); gan íoc, le híoc fós (tá fiacha amuigh agam air); críochnaithe (tá an cluiche amuigh); gan oibriú (tá an talamh amuigh bán)
(le gramadach) céim thar an ngnáthchéim ag aidiacht (níos faide níos mar shampla)
ball éadaigh scaoilte gan muinchillí, agus é níos faide ná cába
críoch (tá deireadh leis an scéal); an chuid dheireanach; an chuid is faide siar (deireadh báid, deireadh cairte); clabhsúr (tá deireadh déanta, ite); tóin duine nó ainmhí
achar nó tamall fada (i bhfad ó bhaile, ó chéile); faide (an lá ag dul i bhfad, i bhfad na haimsire)
an uair den bhliain is faide an lá (grianstad an tsamhraidh thart ar Mheitheamh 21) nó is faide an oíche (grianstad an gheimhridh thart ar Nollaig 21)
bruach, ciumhais, an chuid is faide amach (de rud)
an chuid is faide síos de rud, tóin (íochtar coca, in íochtar an ghleanna); bonn (íochtar bróige); sciorta (blús is íochtar); tuaisceart (íochtar na hÉireann)
gan a bheith amuigh (tá na ba istigh); tar éis teacht (tá an bád, an traein, istigh); i gcumhacht nó in oifig (tá rialtas nua istigh); is faide isteach (éadach istigh, an seomra istigh); tar éis teacht nó dul isteach, faoi bhallaí, faoi chlúid; cairdiúil, sásta (bheith istigh leis an sagart; istigh leat féin); críochnaithe (tá bliain eile istigh)
faide (níos sia ná míle; an chuimhne is sia siar i mo cheann)
go dtí an aird thiar (siar go Gaillimh); i leith an chúil (druid siar ón tine; lig sé siar a chluasa; chuaigh sé siar ar a fhocal); i leith an droma (luí, suí, siar); isteach, síos (ól siar é, níos faide siar sa pholl); go dtí am níos luaithe (clog a chur siar; i bhfad siar); iargúlta (baile i bhfad siar); ar athlá (cuireadh siar an cruinniú); gearr (tá na ba siar sa bhainne)
líne chríche idir dhá áit (teorainn feirme, tíre); an pointe is airde nó is faide (teorainn aoise, ama; teorainn luais); fóir, críoch (dul thar teorainn le rud; níl aon teorainn leis)
trasna (thar muir; léim sé thar claí; dul thar (an) abhainn); os cionn, de dhroim (bhí uisce thar glúine air; chuaigh an roth thar a chos; bhí sé ag cur thar maoil); níos faide ná (ghabh sé thar am; ná tar thar an doras; tá mé thar m'eolas); níos mó ná (níl sé thar leathmhíle, thar na ceithre fichid); seachas (ní aithním thar a chéile iad; an lá seo thar laethanta na bliana)
faoi do bhun, in íochtar, in áit íseal (thíos sa ghleann; thíos i bpoll, i mo phóca); níos faide síos (an ceann thíos den bhord); thuaidh (thíos i Málainn); scríofa, breactha, síos (tá sé thíos sa leabhar aige); ar an tine (tá an citeal thíos agam); cloíte, chun deiridh (ní tusa a bheidh thíos leis ach mise)
os do chionn, in uachtar, in áit níos airde (thuas an staighre; thuas sa spéir); in áit níos faide suas (an seomra thuas); sa deisceart (thuas i gCúige Mumhan); curtha suas (tá an díon thuas acu); á chaitheamh (ní raibh luid éadaigh thuas air); chun cinn, ar barr (an té atá thuas óltar deoch air)
luaite níos faide suas nó roimhe seo
deireadh, rumpa; cúl (do thóin a thabhairt le duine); íochtar (tóin báid; tóin na farraige); an ceann is faide síos (tóin an tí, an baile); bonn (thit an tóin as)
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News