cinnte1, a3. 1. Certain. Bheith ~ de rud, to be certain of sth. Bheith ~ go, to be certain that. Is ~, scéal ~, gur fíor é, it certainly is true. Is ~ sin, that is certain. Tá mé ~ dearfa de, I am absolutely certain of it. Níl rud ar bith is ~ ná é, nothing could be surer than it. Ní thiocfadh leat a bheith ~ den bhoc sin, you couldn’t be sure of that boyo. ~! Go ~! Certainly! ~ le Dia! Surely to God! Chomh ~ is atá tú beo, grian ar an aer, méara ort, cluas ar do leiceann, gob ar phréachán, púdar i nDoire, an Cháisc ar an Domhnach! As sure as anything! 3. Definite. Freagra, gealltanas, ~, definite answer, promise. Gram:An t-alt ~, the definite article. 4. Mean, stingy. Fear crua ~, a hard grasping man. 5. Constant. Fearthainn chinnte, constant rain. 6:cinneadh2.