chomh, adv. (Prefixes h to vowel) As, so. 1. (With a.) ~ geal le sneachta, as white as snow. ~ moch ar maidin, so early in the morning. ~ dócha lena athrach, as likely as not. Lán ~ dócha, just as likely. ~ déanach seo, as late as this. ~ hard leis! How tall he is! Má tá tú ~ cinnte sin de, if you are as sure of it as all that. Níl sé ~ láidir sin, he is not so strong. Tá tú ~ beag de chiall leis féin, you have as little sense as he has. Tá sé ~ maith agat fanacht, you may as well stay. Agus an ceann seo ~ maith, and this one as well. Ná mise ach ~ beag, nor I either. S.a. fada 1, 2. 2. (With a. and vb.) ~ . . . agus, as . . . as. ~ luath agus is féidir, as soon as possible. ~ maith agus a bhí ar a chumas, to the best of his ability. ~ fírinneach agus a tháinig liom, as truthfully as I could. ~ deas agus a chonaic mé riamh, as nice as ever I saw. ~ hamaideach agus gur chreid sé iad, so foolish that he believed them. ~ lag agus nach raibh ionam seasamh, so weak that I was unable to stand.
Chomh ~ is atá tú beo, grian ar an aer, méara ort, cluas ar do leiceann, gob ar phréachán, púdar i nDoire, an Cháisc ar an Domhnach! As sure as anything!