tar chuig, chun, v.i. Come to, attain to, reach, become. Ag teacht chun an chruinnithe, coming to the meeting. ~ ar cuairt chugainn, come and visit us. Ag teacht chun tosaigh, coming forward; coming on, progressing. Ag teacht chun críche, coming to pass. Teacht chun socraithe le duine, to come to an agreement with s.o. Tá siad ag teacht chun snua, they are beginning to take on colour. Tháinig sé chun a shláinte, he regained his health. Tá sé ag teacht chun imní uirthi, it is becoming a source of anxiety to her. Tiocfaidh sé chun milleáin dó, it will bring blame on him. Teacht chun foirfeachta, to attain to perfection. Tá airgead ag teacht chugam, there is money coming to me. Tháinig an focal chugam, I thought of the word. Tá sé ag teacht chuige féin, he is recovering; he is coming to his senses. S.a. baile11.