spare1, a.1aSpare diet, cothú gann. b(Of pers.) Lom, caol, tarraingthe. He is spare of build, tá sé lomchnámhach. 2Spare time, am saor, fóillíocht f. In my spare time, ar mo chaothúlacht. Spare cash, airgead spártha, le cois. A yard of spare rope, slat rópa le cois. 3Spare parts, s.spares, páirteanna breise. Spare wheel, tyre, roth, bonn, breise. ►sparely, adv.1aGo gannchúiseach, go coigilteach. b(Of pers.) Sparely built, lom chnámhach, tanaí. 2=SPARSELY.
spare2, v.tr.1Spárálaim, coiglím. Spare the sugar, tarraing caol ar an siúcra. He spared no expense, níor choigil sé costas. To spare no pains, gan dhá leath a dhéanamh de do dhícheall. He will spare no pains to do it, déanfaidh sé é nó cinnfidh sé air. 2aDéanaim gnó, cúis, gan (rud). Can you spare it?an bhfuil sé le spáráil agat? an féidir leat déanamh á cheal?To have nothing to spare, gan dada le reic a bheith agat; gan ach riar do cháis a bheith agat. Three yards to spare, trí slata de bharraíocht, le cois. He has enough and to spare, tá tuilleadh agus a shá aige; tá a dhóthain go rábach aige. He has money and to spare, tá fuílleach airgid aige. bI cannot spare the time, níl an t-am agam chuige. I have no time to spare, níl aon nóiméad le ligean amú agam. I have a minute to spare, tá tamall beag díomhaoin agam. Can you spare me a few moments?an mbeadh faill agat cúpla nóiméad a chaitheamh liom?3aLigim le (duine). He spared my life, thug sé anacal m'anama dom; lig sé mo bheo liom. If he is spared a few weeks longer, má gheallann Dia dhó bheith beo cúpla seachtain eile. If I am spared, faoina bheith slán dom. Death spares no one, ní thugann an bás cairde d'aon duine. The fire spared nothing, níor tháinig faic slán ón tine. F: He spares nobody, ní théann aon duine saor uaidh. To spare s.o.'s feelings, gan rud a dhéanamh a ghoillfeadh ar dhuine. bTugaim aire do (dhuine, chapall); coiglím urra (capaill). cTo spare s.o. the trouble of doing sth., dua ruda a chosc do dhuine.