Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: agreed · aerie · age · airge · are
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh agree »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
agree. I v.i. & tr. 1 Aontaím (le); réitím (le); toilím (le). To agree to sth., aontú le rud. To agree to do sth., toiliú le rud a dhéanamh. I agree that he was wrong, admhaím nach raibh an ceart aige. To agree upon, as to, certain conditions, socrú ar choinníollacha áirithe. They agreed about the price, shocraigh siad faoin luach. 2 (Of pers.) a Tigim le; réitím le. They cannot agree, ní féidir leo réiteach, tarraingt, le chéile. b To agree with s.o. (about, in, a matter), teacht le duine, bheith ar aon intinn le duine (faoi scéal). I quite agree with you, tigim leat go hiomlán. c 'That is so,' he agreed, ‘is fíor sin,' ar seisean, ag teacht liom ar an scéal. 3 a (Of thgs.) They don't agree, níl siad ag teacht le chéile; (of opinions) níl siad ag cur le chéile. b Gram: It agrees with the noun, géilleann sé don ainmfhocal. c The wine does not agree with him, ní thagann an fíon leis. II   agree, v.tr. Book-k: To agree the books, na leabhair a chur in aontú le chéile.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To be agreed (with s.o.) (on, about, sth.), bheith aontaithe, ar aon intinn le duine (faoi rud).
We are agreed about the price, tá an luach socair eadrainn.
Agreed upon, socair.
(That is) agreed! Margadh é! bíodh amhlaidh!
It was agreed unanimously, socraíodh é, cinneadh air, d'aonghuth.
I agree with his decision, tigim lena bhreith.
He agreed to the compromise, tháinig sé leis an réiteach.
We agreed to differ, d'fhágamar eadrainn é.
To agree entirely with s.o., réiteach le duine amach agus amach.
With that exception we are agreed, lasmuigh de sin táimid ar aon intinn.
Within the agreed period, taobh istigh den am socraithe.
Some agree with us and some disagree, tá daoine linn agus tuilleadh inár gcoinne.
I agree with some of what you say, aontaím le cuid dá bhfuil tú a rá.
We are all agreed on that point, táimid uile ag teacht leis sin.
I do not agree with you, ní aontaím leat; níl mé ag teacht leat.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht