mood2, s.1Fonn m, giúmar m. He is in a bad mood, tá stodam air. He is in a good mood, tá aoibh (mhaith) air. He was in a generous mood, bhí cuisle na féile scaoilte ann. I was in the mood to write, bhí fonn scríbhneoireachta orm. I am in no mood for joking, níl goile ar bith do ghreann agam faoi láthair. He was in no mood for laughing, is beag an fonn gáire a bhí air. 2pl.He is subject to moods, tá taghdanna ann. Man of moods, fear taghdach, spadhrúil.