SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
airgead cothabhála a íocann fear lena bhean chéile atá scartha uaidh
mír chinnteachta roimh ainmfhocal san uatha (an fear, an bhean, an áit sin; an Bhóinn; an Spáinn; bean an fheirmeora, teach an tsagairt)
fear a bhfuil a bhean chéile marbh
ceart, cothrom (breithiúnas cóir; ba chóir duit é a rá leis); díreach, ionraic, macánta (a dhuine chóir, a bhean chóir)
cómhaith (níl a diongbháil de bhean le fáil); fiúntas, maitheas (brí agus diongbháil na hargóinte); seasmhacht; deimhniú, daingniú (fuair sé diongbháil ann)
éan sna fabhalscéalta a dhódh é féin agus ansin a d'aiséiríodh as an luaithreach ina éan óg; focal moltach ar laoch nó ar bhean uasal (san fhilíocht)
glacadh le duine mar chéile (phós Máire Seán); lánúin a cheangal le chéile mar fhear is bhean (an sagart a phós iad); bainis, searmanas an phósta (dul ar an bpósadh)