bean1, f. (gs. & npl. mná, gpl. ban). 1. Woman. ~ shingil, phósta, spinster, married woman. ~ tíre, tuaithe, countrywoman. ~ fuála, níocháin, needlewoman, washerwoman. ~ chabhrach, ghlúine, midwife. ~ chéile, wife. ~ choimhdeachta, lady’s maid; chaperon. ~ feasa, wise woman, fortune-teller. ~ ghaoil, female relative. ~ lóistín, landlady. ~ luí, concubine. ~ rialta, nun. ~ sí, banshee. S.a. lus. ~ siúil, travelling woman. ~ snáthaide, needlewoman. ~ sráide, street woman. ~ tí, housewife; housekeeper. ~ mhaith tí, good housekeeper. Níl ~ an tí sa bhaile, the lady of the house, the mistress, is not at home. ~ uasal, lady. A bhean uasal, madam. A bhean chóir, chléibh, my dear woman. Tá sí ina ~, she has grown to womanhood. Taobh na mban, the female line, distaff side. ~ Éireannach, Éireannach mná, Irishwoman. Dochtúir mná, woman doctor. Dochtúir ban, gynaecologist. Leanbh mná, female child. Uaireadóir mná, lady’s watch. Éadaí ban, ladies’ clothes. S.a. domhnach 1, seol32. 2. Wife. Mo bhean, my wife. A chéad bhean, his first wife. ~ mic, daughter-in-law. ~ Sheáin, Seán’s wife. ~ Sheáin Uí Néill, Mrs. Seán O’Neill. ~ Uí Néill, Mrs. O’Neill. Máire ~ Uí Néill, Mrs. Mary O’Neill. S.a. céile 1. 3. (Of women, girls) One. ~ de na mná, de na cailíní, one of the women, of the girls. ~ de Dhálach, an O’Donnell woman. 4. Toil:Mná, Ladies.