Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: abach · anach · armach · asmach · mamach
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
amach dob ón áit istigh go dtí an áit amuigh (amach as an teach); in áit atá giota uait (os mo chomhair amach); go háit atá níos faide uait (amach an sliabh; chuaigh siad siar amach; amach chun na hAstráile); le himeacht ama (uaidh seo amach); níos moille (amach sa bhliain); siar (fan amach ón tine); ar amharc (an taobh tuathail amach); os comhair an tsaoil (má théann an scéal sin amach ort); os ard (abair amach é); ar fad (is deas amach é); go deireadh (throid siad amach é) ► amach ó ach amháin (amach ó bheannú dúinn ní raibh mórán le rá aige) ► amach is amach ar fad ar fad (dán breá amach is amach) ► amach is isteach le tuairim (ar) ► amachaigí bígí amuigh, amach libh
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
a rá amach go hoscailte; bheith sásta a rá gur mar sin atá; nóta á rá go bhfuair tú nó gur íoc tú as rud éigin; faoistin a dhéanamh i gcoir
nach ligeann aer isteach nó amach
achainí (Dia a agairt); díoltas a imirt, sásamh a bhaint amach (coir a agairt ar dhuine)
duine a dhearann agus a leagann amach na pleananna do lucht tógála
taobh isteach amach, taobh síos suas
athbhunú (aiseag sláinte); tabhairt ar ais (aiseag iasachta); cur amach, urlacan
an méid rudaí óga a bheireann ainmhí in éineacht (ál banbh); an méid éan óg a thagann amach in éineacht i nead (ál sicíní)
na deora a thagann amach tríd an gcraiceann le teas nó le saothar
faoin aer (amuigh sa pháirc); gan a bheith istigh nó sa bhaile (tá fear an tí amuigh); i bhfad uait (amuigh ag bun na spéire); is faide amach (an balla amuigh); as áit, as alt (tá mo ghualainn amuigh); tagtha amach (tá na bláthanna amuigh); sa domhan (an rud is measa amuigh); gan íoc, le híoc fós (tá fiacha amuigh agam air); críochnaithe (tá an cluiche amuigh); gan oibriú (tá an talamh amuigh bán)
an t-aer a thógtar isteach sna scamhóga agus a bhrúitear amach arís; aer (tabhair m'anáil dom); tionchar (faoi anáil an Bhéarla)
anáil a tharraingt agus a ligean amach
crúca trom iarainn ar shlabhra nó ar chábla i mbád (Nuair a scaoiltear amach é greamaíonn an crúca sa talamh agus coinníonn sé an bád ina háit)
drochdhuine amach is amach
go dtí an taobh thall, sall; amach (anonn sa lá)
beart faoi ascaill; triantán éadaigh curtha isteach in ascaill cóta etc. chun é a líonadh amach
cur amach as áit lonnaithe
cló nó foirm nua; leabhar etc., agus é curtha amach athuair
cairdeas nua le duine ar thit tú amach leis
bláth nó duilleog nach bhfuil oscailte amach fós; buntús meatháin
cur bachlóg amach
stoitheadh (fiacail a bhaint amach); tobhach (fiacha a bhaint amach); tarraingt (gáire a bhaint amach); tuilleamh, fáil (clú a bhaint amach); sroicheadh (an baile a bhaint amach)
líonadh amach, boilsciú, at
súil atá ag bolgadh amach
briseadh gaoithe as an ngoile tríd an mbéal; briseadh amach tobann (brúcht uisce, deataigh, fola)
bunsileán, bun an dín a chrochann amach ón mballa
uaim nó siúnta a líonadh chun uisce a choinneáil amach
cuid de leabhar atá deighilte amach le huimhir nó le teideal ar leith; canónaigh ardeaglaise i mbun tionóil le chéile
cáilíocht a bhaint amach
bosca ceoil le cnaipí, agus le boilg a bhrúitear isteach is amach
rinn talún ag gobadh amach san fharraige
éirí amach in aghaidh údaráis, reibiliún
masmas, fonn cur amach; iomarca (ceas triomaigh); brón, cumha (mo cheas!)
eolaíocht a dhéanann amach cén mianach atá i substaintí agus cén tionchar a imríonn siad ar a chéile
ceannach ruda amach trína thógáil ar cíos agus díol as ina shuimeanna beaga i bhfad aimsire
ar aghaidh, os comhair (os coinne an tí amach)
amach roimh, os coinne (os comhair an tsaoil)
déanamh suas, áireamh, cuntas (comhair amach an t-airgead; ba mhór an comhaireamh daoine é)
comhtharlú, rud a thitim amach i gcomhthráth le rud eile trí sheans
casadh (cor i mbóthar, i rópa, cor a bhaint as giorria); corraí (gan chor); babhta (cor iomrascála); caitheamh amach (cor lín); cás (cora crua an tsaoil, cad is cor dó?); camhrú (tá cor sa bhainne, san fheoil); (le ceol, rince) ríl (cor ochtair, cor na sióg); ord (as cor)
míchothrom, aimhréidh (talamh, cosán corrach); guagach; ag gobadh amach, uilleach, biorach
foilsiú nó fógairt don saol mór; cláir a chur amach ar an raidió, craoladh
glanadh amach scornaí le leacht gan é a shlogadh
iomlán, amach is amach; críochnaithe go maith, slachtmhar (obair, bean, chríochnúil)
síneadh amach, nochtadh (do theanga a chur amach); díbirt (cuir amach as an teach iad); lainseáil (bád a chur amach); fógairt (ná cuir amach an scéal sin orm); doirteadh amach (cuir amach an tae); tomhas, freagairt (cuir amach seo dom); aiseag, caitheamh amach
díbirt as (cuireadh as a bpoist iad); cosc ó, cur ó (chuir tú as gléas é); múchadh (solas a chur as); ligean amach (uaill a chur asat); cur mar fhad le (píosa a chur as rud); goilleadh ar (cad tá ag cur as duit?)
riar nó roinnt; bronnadh; doirteadh amach
cumadh, cumadóireacht; ordú nó aithne; rud a rá nó a léamh amach do dhuine eile le scríobh
fíor duine nó ainmhí agus í déanta amach as cloch nó adhmad nó miotal
ar dhath na fola; (le tine) ar lasadh; (le cneá) oscailte; (le talamh) treafa nó iompaithe; fuilteach (bhí sé ina chogadh dearg); amach is amach (bhí an t-ádh dearg air)
amach is amach (deargamadán, deargéitheach, dearg-ghráin); dearbh-
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht