Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: anas · aneas · anus · cnuas · ana
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
anuas dob ón áit thuas; íslithe (tá luach an stoic anuas); i dtagairt (ní mise a tharraing a ainm anuas); ar bharr (cuir éadach anuas air); sa mhullach (tá m'athair anuas orm)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
spíce d'aol silte, agus é cruaite arís, a bheadh crochta anuas as an díon in uaimh
cúlchaint, caitheamh anuas ar dhaoine; ábhar imní
eolas a thagann anuas chugainn ó bhéal go béal
scamall anuas ar an talamh; aon chineál scamaill (ceo deannaigh)
folach; clúid a chuirtear thart ar rud nó anuas air (clúdach leapa, clúdach litreach); clúid a chur ar rud (clúdaigh do cheann; clúdaithe le caonach)
ísliú síos, dronn a chur ort féin (cromtha le haois); lúbadh anuas (craobh a chromadh); luí isteach ar (chrom sí ar ghol)
gabháil fhoinn trí léim in airde ón ngnáthraon gutha agus anuas arís
éan beag a bhfuil eireaball fada air a luascann sé suas is anuas
tógáil anuas (brat, fuinneog, a ísliú); teacht anuas (ísliú de chapall); titim (ísliú luacha, céime, gutha); dul i laige (tine ag ísliú; fearg ag ísliú)
(láimh in abairtí áirithe) an ghéag ón ngualainn anuas; crobh, an chuid den ghéag ón rosta anuas; páirt (lámh chúnta, lámh a bheith agat i rud); riar, stiúradh (cúram a ghlacadh ar láimh); scil (tá an-lámh aige); obair (rinne sé an-lámh air); comhiarracht (ag obair as láimh a chéile); coinneáil, cosaint (tugadh ar láimh é); cúram (faoi láimh dochtúra); gealltanas (seo mo lámh duit); diúltú (droim láimhe a thabhairt le duine); foréigean, neart (lámh láidir, an lámh uachtair); síniú (cuir do lámh leis sin); peannaireacht, scríobh (is deas an lámh atá aige); biorán (lámha cloig); an chuid de rud a mbeirtear greim air (lámh buicéid, maide rámha); tomhas (le capall) ceithre horlaí, (le hiasc, plandaí etc.) trí cinn
éirí ó thalamh de phreab (léim in airde ar chlaí); éirí, lingeadh, de dhroim ruda (léimfinn claí duit); tuirlingt de phreab (léim anuas de chapall); preabadh, bíogadh (léim sí as a codladh); eitilt (ag léim ó chrann go crann); sciorradh (ag léim ó scéal go scéal)
an chuid de bhall éadaigh a chlúdaíonn an ghéag ón ngualainn anuas
anuas ar a chéile, i ngabhal a chéile
saighdiúirí aeriompartha a scaoiltear anuas i bparaisiúit
ciúnú, lagú anuas (nuair a shocraigh an stoirm); suaimhniú (ag socrú chun suain); luí, lonnú (shocraigh sé síos anseo; lig don bhia socrú ar do ghoile); deasú, a dhéanamh socair (socraigh cosa an bhoird); réiteach, cinneadh (teacht ar shocrú; lá a shocrú); críochnú (shocraigh an buille sin é); deisiú; plean, seift (socruithe sochraide)
troigh na coise agus í leata anuas ar an talamh; cos mhór thútach
teacht anuas nó bualadh ar an talamh; tabhairt uaidh (ag titim as a sheasamh); teacht anuas (fearthainn ag titim); ísliú (an ghrian ag titim siar; dá mbeadh praghsanna ag titim); maolú (an ghaoth ag titim); teip (thit sé go mór le bliain; titim siar, ar gcúl); bású (thit na mílte sa chath)
teacht anuas ar (is orm a thit an obair); teacht ar (níor thit néal orm)
diúracán féinghluaiste ar dhéanamh na todóige agus cloigeann pléascach air a scaoiltear as fomhuireán nó as long chogaidh nó anuas as an spéir
béasa, gnásanna etc., a thagann anuas ó ghlúin go glúin
ísliú, teacht anuas ar an talamh; teacht anuas de rud
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht