TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
chuig, chun rfh go, go dtí, i dtreo (dul chuig, chun, duine); maidir le, i dtaobh, i leith (go maith chuig Laidin, chun Laidine); le haghaidh (réidh chun bainte; cad chuige é sin?); oiriúnach i gcomhair (má bhíonn an lá chun féir); i mbun (cliste chun oibre); ar tí (bhí mé chun é a rá léi)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
brath, mothú (airím uaim iad; d'airigh mé sa láthair é; airím chugam féin); cloisteáil (níor airigh mé a leithéid riamh)
chuig an áit a fágadh; arís
ón aird thiar; ón taobh thiar (tar aniar ó mo chúl); ó bheith sínte siar (d'éirigh sé aniar sa leaba); chugat féin (tá teacht aniar ionat)
eolas a thagann anuas chugainn ó bhéal go béal
cén fáth, cén chúis, cad ina thaobh, cad mar gheall ar (cad chuige ar bhuail tú é?)
gá, riachtanas (níl aon chall leis; ní call duit labhairt); ceart, éileamh (níl aon chall agat dó, chuige)
lamháilte, cead a bheith ann chuige; ceadmhach
ar chor ar bith, in aon chor (ní raibh sé ann chuige)
ag breith chugat féin, ar bior
cur i gcúb; lúbadh (bata a chúbadh); tarraingt siar nó chugat (cúb chugat do chosa)
caimiléireacht, camastaíl; bailiú chugat
cur chomh fada le (daoine a chur chun boird); cur os comhair (cuir chuige an t-arán); úsáid le haghaidh (cuir chun tairbhe duit féin é); tabhairt faoi (cur chun oibre)
méadú, breisiú (cuir giota eile leis); tacú (ní neart go cur le chéile); cur ag foghlaim (cuireadh le múinteoireacht é); tiomáint chuig (duine a chur le buile)
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
fuaim béil nó grúpa litreacha a chiallaíonn rud ar leith; abairt, ráiteas, caint (focal a rá le duine); teachtaireacht, eolas (focal a chur chuig duine); gealltanas (d'fhocal a bhriseadh; ar m'fhocal duit)
nimh, nimhiúlacht, nimhneachas (goimh i gcneá, goimh i gcaint, goimh fuachta); olc, fearg (bhí goimh air chugam); craos, airc (goimh chun tobac)
marc scríofa a léiríonn fuaim chainte mar atá i litreacha na haibítre; teachtaireacht scríofa faoi chlúdach (scríobh sé litir chugam)
píosa miotail a tharraingíonn miotail eile chuige
coirt dhonn chreimneach a thagann ar iarann le taisleach; cancar, crostacht (tháinig meirg air chugam)
rud a fhaightear le huacht; rud a bhfuil ceart ag duine air nó chuige, dúchas, atharthacht
an fad a mhaireann duine nó rud (fad saoil chugat; ar feadh mo shaoil); staid bheatha (an saol seo; an saol atá inniu ann; bhí saol crua acu); cineál beatha (saol na cathrach; saol an mhadra bháin); aoibhneas beatha (is acu atá an saol; is leo an saol); cúrsaí an duine ó lá go lá (aghaidh a thabhairt ar an saol; d'éirigh an saol leo); an chruinne go léir (ó rinneadh an saol); an domhan (sin a bhfuil sa saol agam; ar ór an tsaoil); an uile dhuine (an saol mór; bhí an saol is a mháthair ann)
scéal nua; focal, teachtaireacht (chuir sé scéala chugam); faisnéis, eolas
litreacha agus focail a chur síos le peann nó peann luaidhe; litir a scríobh agus a chur sa phost (scríobh sé chuici); cumadh nó cur i bhfocail (scríobh sé aiste, dán, leabhar, etc.); an rud atá scríofa; lámh, peannaireacht (is deas an scríobh atá aige)
duine atá ceaptha le féachaint chuige go dtugtar feidhm d'uacht; bardach, fear faire; duine bocht truamhéalach
ag tagairt do rud nó do dhuine in aice láimhe, i radharc etc. (inis seo dom; seo do dheoch; ina dhiaidh seo; é seo, an rud seo); ag tagairt don am láithreach (idir seo agus Nollaig); anois, anseo (seo duit é; seo leat; seo chugainn é)
cur nó imeacht faoi sheol; fágáil calaidh; cur chun bealaigh (litir a sheoladh chuig duine); stiúradh, treorú (ag seoladh na mbó; cad a sheol anseo é?); rith, imeacht, cúrsa (chuir sé seoladh faoin scéal); ainm nó uimhir tí, sráide, baile etc. a bhfuil cónaí ar dhuine ann (m'áinm is mo sheoladh); cur i láthair an phobail (leabhar a sheoladh)
focal a úsáideann duine le daoine eile agus é ag caint leo nó ag scríobh chucu; iol ar tú
cliathán, taobh; claon, sceabha; fonn, fuadar (tá slios air chuige); stráice talún
tairiscint le feiceáil (taispeáin do chártaí dom); léiriú (taispeáin an bealach dó; misneach a thaispeáint); nochtadh, foilsiú (thaispeáin an taibhse é féin dúinn); tabhairt, síneadh chuig (taispeáin do lámh)
sracadh chugat nó leat (rópa, cairt, a tharraingt; tarraing suas do bhríste ort); iompar (ag tarraingt cloch, móna); piocadh (clúmh, olann, a tharraingt); baint (fiacail a tharraingt); tógáil (ag tarraingt piontaí, fíona; ticéad, cárta, a tharraingt); fáil (pá, pinsean, a tharraingt); sú (anáil a tharraingt; doras ag tarraingt gaoithe; bád ag tarraingt uisce; píopa a tharraingt); rianú, gearradh (líne, léarscáil, a tharraingt); tabhairt, tógáil (trioblóid a tharraingt; tharraing scéal scéal eile); gabháil (ag tarraingt thar toinn; tarraing isteach chun an bhoird); lua (scéal a tharraingt anuas, a tharraingt ort); cur ceangailte i (ná tarraing d'athair orainn); bualadh (tharraing sé cic air); druidim le (tá sé ag tarraingt ar an mbaile, ag tarraingt ar an Nollaig); mealladh (tá tarraingt súl inti; eolas a tharraingt as duine); aontú, comhoibriú (tá siad ag tarraingt go maith le chéile); cúlú (tarraingt siar as rud); teacht, fáil (tá tarraingt ar airgead aige); slogóg (d'ól sé a tarraingt a chinn de); síneadh (bain tarraingt as)
teacht slán; bisiú, teacht chugat féin; filleadh (téarnamh ó thuras); druidim le (ag téarnamh chun baile, ar am luí); teacht (ar an saol); teacht chun deiridh, bású (ó théarnaigh uainn an buachaill beo)
teacht chuig (is leat a thitfidh an áit)
luath (chomh túisce is a dúirt sé é; ní túisce thoir ná thiar iad, an rud is túisce chugat)