Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: caoch · ceoch · cíoch · cloca · cloche
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
cloch bain2 carraig nó smut de charraig; seoid (cloch uasal); aon rud cosúil le cloch (cloch phluma, cloch shilín; cloch dhuáin); aonad meáchain = 14 pt. nó 6.35 kg.; cladach (iascach cois cloiche); carraig san fharraige; magairle cloch bhoinn máithreach (tí etc.) cloch chinn cloch ghreanta ar uaigh cloch fhaobhair cloch líofa, gléas líofa speile, etc. cloch mhíle cloch ar thaobh bóthair a thugann an t-achar ina mhílte go dtí áit cloch scáil grianchloch cloch shneachta sneachta ina chloch bheag chrua cloch thine breochloch
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
cloch luachmhar a dhéantar as grianchloch
cloch luachmhar chorcairghorm
púdar geal a dhéanann cloch aoil dhóite agus a ndéantar moirtéal nó suimint as, nó a úsáidtear in uisce chun ballaí a ghealadh
cloch, carraig (chomh marbh le hart)
rud a thochailt as an talamh nó a ghearradh nó a tharraingt den áit a bhfásann sé (clocha, féar, bláthanna a bhaint); rud a scaoileadh as a ionad nó as a ghreim (fuil, glas, a bhaint; duine a bhaint dá chosa); buachan
struchtúr cloch nó brící nó ábhair eile ar nós éadan tí nó taobh seomra nó fál thart ar gharraí
cloch bholcánach dhorcha
leac chloiche agus cabha fúithi istigh
suíochán fada adhmaid; bord oibre (binse siúinéara); suíochán breithimh i gcúirt dlí; bruach (móna); seilf (chloiche)
meall mór adhmaid nó cloiche nó miotail, ceap
éirí bog; a dhéanamh bog; a chorraí nó a scaoileadh beagán (cloch a bhogadh, snaidhm a bhogadh)
cloch mhór chruinn
talamh atá breac le clocha
cloch chrua ar féidir spréacha a bhaint aisti le píosa de chruach
an ceann is fearr i gcomórtas nó in iarracht (bua a fháil); tabharthas ó Dhia (bua cainte, bua ceoil); maitheas, fiúntas (bua dá bhfuil ag an léann); cáilíocht ar leith (cloch bhua)
cloch bhoinn
leacóg chloiche a chaitear ar sprioc (ag imirt caidhtí); stiall mhaith ramhar (caidhte aráin)
áit a mbaintear clocha nó gairbhéal
seandún nó balla cloiche
teach mór daingean faoi bhallaí láidre cloiche agus thúir; pálás tí, cúirt
ceolaire beag éin (caislín aitinn, caislín cloch)
bheith gléasta i (éadach, bróga, a chaitheamh); ithe, slogadh (bia, deoch, cógas, a chaitheamh); úsáid (snaois, tobac, a chaitheamh); diomailt, ídiú (ag caitheamh airgid, na haimsire); teilgean, radadh (cloch, dorú, a chaitheamh); scoitheadh, gearradh (léim a chaitheamh, cúinne a chaitheamh); druidim (ag caitheamh ó thuaidh); iallach (cé a chuirfidh an caitheamh orm?); briathar cúnta, á úsáid le briathra eile le riachtanas nó dualgas a léiriú (caithfimid a bheith sa bhaile faoin oíche; caithfear an t-airgead a fháil ar ais)
cruach rudaí i mullach a chéile mar a bheadh clocha nó cré; moll, cnap, cúil
cloch mhór; cloch thalún nó farraige
uirlis chun tairní a thiomáint nó chun rudaí crua mar mhiotal nó mar chlocha a bhualadh lena snoí nó lena mbriseadh
stumpa nó bloc adhmaid, cloiche etc.; stoc (tá sé ina cheap magaidh acu); múnla gréasaí chun bróga a dhéanamh nó a dheisiú; mol rotha; bloc (ceap tithe, ceap oifigí); leaba (ceap plandaí)
ord beag, casúr le clocha a chóiriú
titim ghearr fearthainne nó sneachta; radadh, crústach (cith cloch, cith piléar)
glór nó trup mar a dhéanfadh báisteach, cith cloch, etc.; gleadhradh
balla cré nó cloch thart ar ghort
seanbhothán cloch ar dhéanamh coirceoige; clocha cora
an ré i stair an duine nuair ba as cloch a dhéantaí airm agus uirlisí
caislín cloch
buille grod glórach; glór cosúil leis sin; cnap (cnag adhmaid, cloiche)
ailp nó moll gan chruth (cnap cloiche); carn, cúil (cnap gainimh, cnap airgid; cnap scamall); cnag, buille
rud maith mór dá chineál; rud mór garbh (cnapán cloiche, práta, uibhe)
na clocha a bhaint as ainmhí fireann
an tsraith dheireanach cloch ar bharr balla
damba nó ciseach chloch trasna abhann
pointe; cúinne, ciumhais (corr tábla; cloch ar a corr)
rud mór dá chineál (cránaí fir, cránaí cloiche, cránaí bréige)
gabhlóg adhmaid agus sreang leaistice as gach beann de chun clocha beaga a chaitheamh leis
ar nós cloiche nó iarainn, gan a bheith bog; deacair, doiligh (ceist chrua); dian (rás crua); dlúth (snaidhm chrua); láidir (buille crua); anacair, anróiteach (saol crua, aimsir chrua); dúr (croí crua); cruinn, gortach (crua faoi airgead); doscúch, righin (gasúr caol crua)
an craiceann crua ar chíste, screamh; brat crua (crústa seaca); caitheamh, buille (crústa de chloch, de dhorn)
caitheamh cloch
fíor duine nó ainmhí agus í déanta amach as cloch nó adhmad nó miotal
deich nduine; deich gcloch den phaidrín nó na paidreacha a deirtear orthu
cloch gheal luachmhar atá an-chrua ar fad, foirm de chriostail charbóin
cineál crua cloiche ar féidir spréacha a bhaint aisti go héasca le smut de chruach
fás nó caonach cloch a d'úsáidtí chun dathaithe
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht