SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
duine sí a mbeadh eagla ar pháistí go gcasfaí orthu san oíche é; fear bréige le héin a scanrú as gort arbhair
maireachtáil (an Té a bhí agus atá agus a bheas go brách); focal a úsáidtear chun cáilíocht, bail nó staid a lua le duine nó rud (bhí aimsir bhreá ann; tá sé go maith; dá mbeadh am agam; conas tá sé?; ní bhíodh sé ag obair; beidh sé ag súil leat; ní raibh sé ach bliain d'aois)
cogarnach, caint rúnda a mbeadh drochúdar léi go minic
(sa ghramadach) modh den bhriathar a úsáidtear i gcás a mbeadh coinníoll i gceist
tréimhse éigeantach leithlise do dhuine nó d'ainmhí a mbeadh galar tógálach air
i gcás go (dá mbeadh airgead agam; dá mba liomsa é)
éigse, lucht léinn; ranna ollscoile a mbeadh ceangal ginearálta eatarthu (Dámh na nEalaíon, Dámh an Dlí)
duine a mbeadh dhá chéile aige nó aici ag an am céanna
leacht géar a thagann as an ae sa chorp agus a chuidíonn le díleá; deoch a mbeadh blas géar uirthi; cantal, cancar
aon den chine daonna, fear nó bean; neach ar bith (dá mbeadh deifir ar dhuine)
buntáiste; deis, oscailt (faill a fháil ar dhuine); am, achar (dá mbeadh faill agam é a dhéanamh)
focal a chuireann béim ar an bhfocal a thagann roimhe agus a dhealaíonn ó rudaí eile é (é féin a rinne é; eadrainn féin atá sé; go deimhin féin); fiú amháin (mar sin féin; dá mbeadh bean féin aige)
scéala bolscaireachta a dhéantar nó a thaispeántar go poiblí (fógra cruinnithe); rabhadh (fógraí bóthair); comhartha, clár nó póstaer nó a leithéid a mbeadh eolas scríofa air (fógra siopa; clár fógraí)
cúram ruda a bheith ort, cuntasach; áiseach, oiriúnach (dá mbeadh an lá freagrach); ag teacht nó ag réiteach le
a úsáidtear le briathra i gcaint indíreach (gur ina ionad san aimsir chaite)(deir sé go bhfuil ocras air, fan go bhfeicfidh mé, b'fhada liom go mbeadh sé déanta agam)
duine a mbeadh gob mór nó soc air; duine atá géar sa teanga; duine fiosrach
cois, in aice (a dhroim le balla; druid anall liom); buailte ar (dá mbeadh ceirín leis; bhí srian lena theanga); i dtreo (bhí a aghaidh linn, ina luí le gréin; tá súil aige léi); ar feadh (thit sé le haill; thart le bun na gcnoc, ag imeacht le sruth); in éineacht (bhí mé ar scoil leo; ná caith an hata sin leis); i bhfabhar (bhí an t-ádh leis; ar mhaithe liomsa); in aghaidh, chuig (ná bí liom; chuir sé an gadhar leo); ar feadh tréimhse áirithe (le trí lá anois; tá sé anseo le fada); i gcomparáid (chomh buí le hór; i gcomórtas le Seán); de chuid (ní liomsa é; cara liom é sin); ag, i seilbh (an bhfuil do chóta leat?; bhí siúl géar linn); ar aghaidh (abair leat; d'imigh sé leis; isteach libh); le cabhair (daoradh le feall é; léirigh le sampla é); ag leanúint (tá costas, deifir, leis); de thoradh (ar crith le heagla, plódaithe le daoine; tá an donas air le bréaga); chun (le greann a dúirt sé é); i dtuairim (ní dóigh liom é; is beag leis é); chun, le haghaidh (tá siad le pósadh, cad a bhí le rá agam; tá obair le déanamh) le + a4 = lena; le + ar3 = lenar; le + ár2 = lenár
mura mbeadh (murach sin, murach go bhfaca mé iad, murach gur labhair tú liom)
chomh láidir is atá rud, láidreacht; fórsa, cumhacht (neart na tola, na gaoithe; de neart reatha); go leor, dóthain duine (tá neart ama againn); leigheas (dá mbeadh neart agam air); cumas (níl neart agam teacht as)
mír chomparáide (tá tú níos óige ná mé; dá mbeadh níos mó airgid agam)
sroicheadh (gur ráinigh sé béal toinne); tarlú (ráinigh dó a bheith ann; ráiníonn sé go bhfuil deabhadh orm; ráineodh go mbeadh sé déanach); éirí (ráinigh leis an obair a chríochnú in am)
seastán do chlár dubh nó do phictiúr a mbeadh ealaíontóir ag obair air
iarsmaí ón seanreacht nó a mbeadh baint acu le duine marbh (taisí na naomh, na seancheall)
teacht anuas nó bualadh ar an talamh; tabhairt uaidh (ag titim as a sheasamh); teacht anuas (fearthainn ag titim); ísliú (an ghrian ag titim siar; dá mbeadh praghsanna ag titim); maolú (an ghaoth ag titim); teip (thit sé go mór le bliain; titim siar, ar gcúl); bású (thit na mílte sa chath)