Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: amaid · damhain · neamhaird · neamhnaid · niamhnaid
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
namhaid fir duine atá naimhdeach leat nó a throideann tú; tír nó fórsa airm in aghaidh tíre eile; rud mar bhia, etc. nach réiteodh leat (níl aon namhaid agam ach é)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
ionsaí (amas ar namhaid); oscailt nó caoi ionsaithe (dá bhfaighinn amas air); aimsiú ar mharc (tóg amas air); iarracht (thug siad amas ar na hairm); tuairim, barúil
damba in abhainn leis an uisce a dhoimhniú; scaoileadh tiubh as gunnaí móra le bac ionsaithe a chur ar an namhaid
easpa soiléire, dofheictheacht; saighdiúirí (nó long nó eitleán) a chur ó aithne ar an namhaid; cleas lena gcuireann ainmhithe áirithe iad féin ó aithint ag a naimhde
namhaid, duine eascairdiúil
tabhairt suas, stríocadh (géilleadh don namhaid); bheith umhal (géilleadh do Dhia); tabhairt isteach (géilleadh do phiseoga); admháil (géilleadh d'argóint); tosach a thabhairt do (slí a ghéilleadh do dhuine); freagairt (ghéill an bád don stiúir)
dul isteach (i dtír) mar namhaid; fogha, ruathar; buinne, tuile mhear
mar a bheadh namhaid leat nó agat, nimhneach
tóir, teitheadh (an ruaig a chur ar an namhaid); sciuird reatha, cuairt faoi dheifir; ráig (ruaig thinnis)
loitiméireacht d'aon ghnó ar innealra, maoin etc., ag oibrithe, naimhde le linn cogaidh nó aon duine ar mian leis deireadh nó stop a chur le scéim nó cuspóir nó plean éigin
duine a chuirtear amach chun eolas a thabhairt ar ais nó chun sceitheadh ar an namhaid
sceitheadh ar do thír le namhaid nó gníomh fill ina coinne
i gcumhacht; i ngleic (i dtreis leis an namhaid); i gceist (an rud atá i dtreis eadrainn; tá rud éigin sa treis acu sin)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht