Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: broinn · droinn · proinn · rinn · roinnt
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
roinn1 bain cuid, cion (mo roinn den talamh); roinnt, riar; déileáil (fear ranna)
roinn2 bain2 cuid roinnte (an roinn seo tíre); cuid ar leith (Ranna Stáit)
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
roinnt ina n-aicmí, rangú
an ceann polaitiúil atá ar Roinn Stáit, mar shampla, an tAire Oideachais
cinnteacht, siúráil (áirithe a bheith agat ar rud); suim nó méid chinnte, cion, roinnt (an áirithe chéanna airgid)
seomra mór in ospidéal agus leapacha do dhaoine breoite ann; roinn riaracháin de chathair
roinn de chontae
suim nó méid áirithe, roinnt mhaith
cion, roinnt (tá do chandam agat)
roinnte ina chéad grád (Tá an reophointe ag 0 agus an fiuchphointe ag 100 ar theirmiméadar ceinteagrádach)
fógra a chuirtear thart go dtí roinnt daoine
cumann trádála ina roinntear an brabach ar na baill
roinn riaracháin tíre (Tá 32 contae i dtír na hÉireann)
roinnt nótaí ceoil a dhéanann fuaim cheolmhar ar iad a sheinm le chéile
uimhir nach bhfuil in roinnte ar 2 (1, 3, 5, 7, 9 mar shampla)
cur ar chrainn, bealach le hairgead nó duaiseanna a roinnt ar bhonn seansanna
críoch nó tír a roinnt ina dhá cuid
ábalta cruthú; a bhfuil cuid mhaith tuairimí nua ag roinnt leis; samhlaíoch
aon bhord, aon bhéile le duine, comhluadar (bheith i gcuibhreann duine); cion, roinnt; gort curaíochta
páirt, roinnt (déan trí chuid de); cion duine amháin (sin é do chuid de; mo chuid éadaigh; iníon dá chuid); ábhar (tá cuid súl inti, ní cuid iontais é); bia, beatha (do chuid a chaitheamh; ag tuilleamh a choda)
ceann de cheithre ranna móra na hÉireann
sábháil (airgead a chur tharat); doirteadh (pota ag cur thairis); síorchaint (tá sí ag cur thairsti ó mhaidin); casadh (roth, long, a chur thart); roinnt (deoch a chur thart); caitheamh, meilt (an lá a chur thart)
coinne, comhluadar (dul i ndáil duine); comhthionól, cruinniú (dáil chomhairle); cruinniú cleamhnais (idir dáil is pósadh); roinnt nó riar (dáil dí); giorracht, cóngar (i ndáil a bheith déanta)
riar nó roinnt; bronnadh; doirteadh amach
éigse, lucht léinn; ranna ollscoile a mbeadh ceangal ginearálta eatarthu (Dámh na nEalaíon, Dámh an Dlí)
moirt fíona nó leanna; bailiúchán; roinnt (bheag) (deascán tuí, éisc); gasra (daoine)
scaradh nó roinnt ó chéile; dealú; scoilt
roinnt ina dhá chomhchuid
grúpa daoine, aicme, treibh; roinnt (daoine) (is olc an dream iad); cine (an dream dar díobh é; aon dream amháin iad)
cantalach, do-ranna
roinn, rannóg, brainse
talamh, críoch, eastát; páirc, feirm, tailte; ceathrú, roinnt
mórchroíoch, flaithiúil, maith ag roinnt le daoine; fairsing, flúirseach (bord fial)
eachtra; amhantar, turas nó tionscadal a bhfuil iarracht de bhaol ag roinnt leis
roinnt daoine nó rudaí i dteannta a chéile, gasra, scata
ceann de ranna móra talún an domhain (Meiriceá, an Astráil, an Eoraip, etc.)
duine ar féidir leis roinnt rudaí a choinneáil ag gluaiseacht san aer gan ligean d'aon cheann acu titim
leathanaigh phriontáilte agus iad ceangailte i gclúdach; roinnt seiceanna, stampaí, leathanaigh fholmha etc. ceangailte i bhfoirm leabhair; mionn, móid (leabhar éithigh a thabhairt)
gluaiseacht taobh thiar (lean an carr sin); tóraíocht (lean na madraí é); comhlíonadh (riail, nós a leanúint); roinnt le (leanann contúirt é sin); bheith cosúil le (níor lean sé a athair); cloí, tacú, le (lucht leanúna); coinneáil ar aghaidh le (lean ar do scéal, lean sé dá chúrsa; lean leat, ort)
ligean tí, siopa etc., ar cíos ar feadh roinnt blianta (talamh ar léas); téarma (tá a léas caite)
(leith in abairtí áirithe) cuid den iomlán atá cothrom leis an gcuid eile (déan dhá leath de, leath slí); cuid, roinn (déan trí leath de); taobh, cliathán; treo (an leath tosaigh)
roinn d'arm na sean-Róimhe; slua mór saighdiúirí; cumann láidir
bailiú ina mhámanna; roinnt go rabairneach
ceithre seachtaine; ceann de dhá roinn déag na bliana, Eanáir, Feabhra etc.
ceann de na mionghrúpaí adamh as a bhfuil substaint ar bith déanta; an mhír ranna is lú i substaint a bhfuil nádúr na substainte fágtha inti
ceann de na ranna móra de thalamh an domhain (An Eoraip, an Áise, an Afraic etc.)
beagán, pas, roinnt (mós déanach; bhí sé mós dian air)
áras ina gcónaíonn éin, mar aon le roinnt ainmhithe beaga agus feithidí, agus a dtógann siad a rudaí óga ann (nead giorria, nead dreoilín; nead seangán); áras seascair ag duine; buíon, drong (nead bithiúnach)
rith, reáchtáil (riar cirt, gnóthaí); soláthar (ag riar don chléir); cur thart, roinnt (bia a riar ar dhaoine); díol freastail (tá riar a gcáis acu); cion, cuid (tar le do riar de)
rith, bainistíocht; stiúradh ranna rialtais, gnó etc.
stát a bhfuil rí nó banríon mar cheann air; flaitheas (Dé); ceann de thrí ranna móra na ndúl (ríocht na n-ainmhithe)
riar ina chodanna (rud a roinnt ar dhaoine; cártaí a roinnt); baint (tá trioblóid ag roinnt leis sin); cur isteach i (céad a roinnt ar dheich); méid áirithe, cuid (tá roinnt mhaith airgid aige); beagán (tá sé roinnt cosúil leat)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht