SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
malairt crutha a chur nó a theacht ar rud; rud a mhalartú nó a aistriú; sóinseáil
(le sláinte) feabhas; méadú (biseach ar theaghlach, ar theacht isteach, ar phraghsanna); ús, fuilleamh (deich faoin gcéad de bhiseach ar airgead sa bhanc)
at, bolgadh; an iomarca airgid ag imeacht i gcomórtas lena bhfuil d'earraí á dtáirgeadh agus dá bhrí sin ardú rómhór a theacht ar thuarastail agus ar phraghsanna
spotaí a chur nó a theacht i rud; gealadh (breacadh an lae); marcáil le litreacha, scríobh (páipéar a bhreacadh le scríbhinn); greanadh (tuama a bhreacadh)
craiceann a theacht ar chneá, leigheas
doicheall a theacht ar dhuine (roimh rud)
feabhas a theacht nó a chur ar rud
fuath a thabhairt (do); gráin a theacht agat ar rud nó iompú ina aghaidh (d'fhuathaigh an sé deoch)
dath gorm a chur nó a theacht ar rud
a bhainfeadh preab asat toisc é a theacht gan choinne, a chuirfeadh iontas ort; strainséartha (tá an obair iontach aige go fóill); maith, breá, nótáilte (d'éirigh go hiontach leis); an- (tá sé iontach te)
solas nó tine a theacht nó a chur ar rud (lampa, tine a lasadh; ní lasfaidh an gual); múscailt (lasadh feirge); éirí feargach (cneá ag lasadh); deargadh (las sé suas san aghaidh)
lúb a dhéanamh de rud, cor nó casadh a theacht nó a chur i rud; tabhairt (lúb an roth orm, lúb na hioscaidí fúm)
núicléis adamhacha a thitim ó chéile agus radaíocht a theacht astu
scanradh a chur nó a theacht ar dhuine
sceimhle a chur nó a theacht ar dhuine, scanrú
scoilt a dhéanamh nó a theacht i rud, briseadh ó chéile, deighilt, pléascadh (tá mo cheann ag scoilteadh)
galar tromchúiseach (glas fiacla) a chuireann glas ar mhatáin an ghéill, agus a thagann de bharr frídín a theacht isteach sa sruth fola trí chneá
tús a chur nó a theacht le rud; tús, tosach
úsc a bhaint nó a theacht as rud; taisleach