comhlíon1, m. (gs. -ín). Equal number. Ar ~ le, as numerous as.
comhlíon2, v.t. Fulfil. 1. Perform, observe. Gealltanas, dualgas, a chomhlíonadh, to carry out a promise, an obligation. Coinníoll, ordú, a chomhlíonadh, to comply with a condition, an order. Aitheanta, rialacha, a chomhlíonadh, to keep commandments, rules. Breithiúnas aithrí a chomhlíonadh, to perform a penance. Jur:Breithiúnas a chomhlíonadh, to execute judgment. 2. Complete. Chomhlíon sé an bhliain, he lasted out the year. Nuair a bhí an aimsir ~ta, when the time was completed. 3. Satisfy. ~faidh mé leat é, I’ll make it up to you, do as much for you.