caor, f. (gs. -oire, npl. ~a1, gpl. ~).1. Berry. ~ aitil, juniper-berry. ~ chaorthainn, rowan-berry. ~ chon, dogberry. ~ feannóige, crowberry. ~ feorais, spindle-berry. ~ fíniúna, grape. ~ throim, elder-berry. Ar dhath na g~, berry-coloured. 2. Round object, ball. ~ chlis, sling-ball. ~ ordanáis, cannon-ball. ~ phéine, pine-cone. 3. Glowing object. Tá sé ina chaor, it is a glowing mass, aglow. Tá an teach ina aon chaor amháin, the house is all ablaze. ~ cheárta, forge-fire, furnace. Ina chaor cheárta, glowing like a furnace. An chaor aduaidh, the northern lights. ~ thine, thintrí, fire-ball, meteor; thunderbolt. D’imigh sé mar a bheadh an chaor thine ann, he shot off like a rocket. ~ thine ort! Bad luck to you! 4. (In phrases) Bhí sé ina chaor bhuile, mhire, he was raging mad. Tá sé ar na ~a; tá sé ina, ar a, chaor (le hól), he is violently drunk. ~a farraige, raging seas. Tá an fharraige ina ~a, the sea is raging.