cuntas, m. (gs. & npl. -ais, gpl. ~). 1. vn. of cuntais1. 2. Count. ~ a dhéanamh ar rudaí, to make a count of things. Tá an ~ ansin agat, you have the correct number, amount, there. Níor thug sé leis ach an ~, he took the right amount only. Sluaite gan chuntas, innumerable hosts. Tá airgead gan chuntas aige, he has an incalculable amount of money. Tá siad as ~, they are too many to count. Fear maith cuntais, a good man at figures. Chuir tú thar, trí, mo chuntas mé, you made me lose count. 3. Account. (a) Reckoning. ~ a thabhairt i rud, to account for sth. ~ a choinneáil ar rud, to keep an account of sth. ~ a íoc, a ghlanadh, to pay, clear, an account. ~ a bhaint de dhuine (i rud), to make s.o. render an account (of sth.). Duine a thabhairt chun cuntais, to call s.o. to account. Bheith sa chuntas, to be in the reckoning, included. Tarraing do chuntas i dtráth, call for your account in good time. ~ bainc, bank account. ~ airgid, fála, taisce, cash, receivable, deposit, account. Leabhar an chuntais, the account book. Lá an chuntais, the day of reckoning. Tá sé ar a chuntas, he is going to his account, dying. I g~ Dé! I g~ an tsaoil! For goodness sake! Ar chuntas ar bith, on any account. (b) Narration. ~ a thabhairt ar rud, to give an account of sth. ~ a fháil ar dhuine, ar rud, to get an account of s.o., of sth. Tá ~ sa leabhar seo air, there is an account of it in this book. ~ béil, oral, verbal, account. (c) Inquiry. ~ duine a chur, to inquire about s.o. Níor chuir mé ~ ar bith air faoi, I did not ask him anything about it. S.a. leabhar11(f).