ear1, s.1Cluas f. Ear specialist, cluaslia m. She wore rings in her ears, bhí fáinní aici ina cluasa. Your ears must have burned, must have been tingling, ní foláir nó bhí tochas sa chluais chlé agat. I was up to the ears, over head and ears, in work, bhí an fómhar ag leathadh orm, bhí na seacht sraith ar an iomaire agam. S.a. DEBT, LOVE11To set people by the ears, daoine a chur i gcochall a chéile. He was sent away with a flea in his ear, cuireadh chun bealaigh é go maolchluasach. Walls have ears, bíonn cluasa ar na claíocha; tá poll ar an teach. He has sharp ears, tá cluasa easóige aige; chloisfeadh sé an féar ag fás. To have an ear, a fine ear, for music; to have a good ear, cluas mhaith don cheol a bheith agat. To play by ear, seinm de réir na cluaise. I was keeping my ears open, bhí cluas le héisteacht orm. He had the landlord's ear, bhí sé isteach leis an tiarna. He gained the landlord's ear, fuair sé caoi labhartha leis an tiarna. To give ear, lend an ear, lend one's ear, to s.o., cluas a thabhairt do dhuine. To close one's ears to the truth, cluas bhodhar a thabhairt don fhírinne. If it should come to the ears of the priest, dá dtagadh sé in éisteacht an tsagairt; dá gcloisfeadh an sagart an scéal. S.a. DEAF. 2Tchn: Cluas f (pota, etc.), loistín m (pota).
ear2, v.tr.Cuirim cluas (cluasa) ar rud.
ear3, s.Dias f (arbhair).Oats in the ear, coirce atá i ndias, i gcraobh.