Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: éar · ar · bear · dear · ea
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh ear »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ear1, s. 1 Cluas f. Ear specialist, cluaslia m. She wore rings in her ears, bhí fáinní aici ina cluasa. Your ears must have burned, must have been tingling, ní foláir nó bhí tochas sa chluais chlé agat. I was up to the ears, over head and ears, in work, bhí an fómhar ag leathadh orm, bhí na seacht sraith ar an iomaire agam. S.a. DEBT, LOVE1 1 To set people by the ears, daoine a chur i gcochall a chéile. He was sent away with a flea in his ear, cuireadh chun bealaigh é go maolchluasach. Walls have ears, bíonn cluasa ar na claíocha; tá poll ar an teach. He has sharp ears, tá cluasa easóige aige; chloisfeadh sé an féar ag fás. To have an ear, a fine ear, for music; to have a good ear, cluas mhaith don cheol a bheith agat. To play by ear, seinm de réir na cluaise. I was keeping my ears open, bhí cluas le héisteacht orm. He had the landlord's ear, bhí sé isteach leis an tiarna. He gained the landlord's ear, fuair sé caoi labhartha leis an tiarna. To give ear, lend an ear, lend one's ear, to s.o., cluas a thabhairt do dhuine. To close one's ears to the truth, cluas bhodhar a thabhairt don fhírinne. If it should come to the ears of the priest, dá dtagadh sé in éisteacht an tsagairt; dá gcloisfeadh an sagart an scéal. S.a. DEAF. 2 Tchn: Cluas f (pota, etc.), loistín m (pota).
ear2, v.tr. Cuirim cluas (cluasa) ar rud.
ear3, s. Dias f (arbhair). Oats in the ear, coirce atá i ndias, i gcraobh.
ear4, v.i. Eascraíonn; tagann i ndias, i gcraobh.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Acute ear, cluas ghéar.
The blow made his ears ring again, chuir an buille gliogar ina chluasa.
(Of noise) To assail the ear, an chluas a bhualadh.
Anat: Barrel of the ear, poll m an tiompáin.
Box on the ear, cluaisín m, smitín m i mbun na cluaise.
v.tr.To box s.o.'s ears, cluaisín, smitín i mbun na cluaise, a thabhairt do dhuine.
My ears were buzzing, bhí píoparnach i mo chluasa.
Buzzing in the ears, píoparnach f, ceolán m, sna cluasa.
A sound caught my ear, bhuail fuaim mo chluas.
(Of horse) To cock its ears, na cluasa a bhiorrú.
He crammed his hat over his ear, bhrúigh sé a hata anuas ar a chluais.
To turn a deaf ear to s.o., cluas bhodhar a thabhairt do dhuine.
To be head over ears, up to the eyes, in debt, bheith báite i bhfiacha.
v.tr.He was dinning it into my ears, bhí sé do mo bhodhrú leis.
v.i.It was dinning in my ears, bhí sé do mo bhodhrú.
Discriminating ear, cluas ghéar.
To drop a word in s.o.'s ear, focal a chur i gcluais duine.
Long-eared, fadchluasach.
Short-eared, gearrchluasach.
Quick-eared, géarchluasach.
One-eared, leathchluasach, ar leathchluais.
Eared corn, arbhar i ndias, i gcraobh.
Full-eared, ramhardhiasach, gránmhar.
To ear-mark funds, suim airgid a chur i leataobh, in áirithe (for, do).
Stud ear-ring, cnaipe m cluaise.
Within ear-shot, i raon na gcluas, in éisteacht.
Out of ear-shot, as éisteacht.
An ear-splitting noise, torann m polltach; torann a scoiltfeadh do cheann.
He has an exquisite ear, tá cluas ríghéar (ceoil) aige.
A sound fell (up)on my ear, bhuail fuaim mo chluasa.
The note grated on the ear, ghoill an nóta ar an gcluais.
F: To greet the ear, an chluas a bhualadh; teacht chun na gcluas.
I couldn't hear my ears, ní raibh focal i gcluais le cloisteáil agam.
He has brought a hornet's nest about his ears, tharraing sé mioscais na tíre air féin.
To lend an ear, one's ears, to . . ., cluas a thabhairt do ...
Lend me your ear, cogar; claon do chluas.
Head over ears in love with s.o., splanctha i ndiaidh duine.
I have noises in my ears, tá glóraíl, ceolán, i mo chluasa.
Word that offends the ear, focal a chuireas déistin ar an gcluais.
One ear, hand, shoe, leathchluas f, leathlámh f, leathbhróg f.
His hat over one ear, a hata ar thaobh a leicinn.
For two pins I'd box his ears, is beag a thabharfadh orm cluaisín a thabhairt dó.
Music that pleases the ear, ceol a chuireas aoibhneas ar an gcluais.
A plug on the ear, cluasóg f.
To prick up one's ears, (i) (of animal) na cluasa a bhiorú; (ii) (of pers.) cluas a chur ort féin.
With pricked ears, agus cluas le héisteacht agam.
You cannot make a silk purse out of a sow's ear, is deacair olann a bhaint de ghabhar.
Quick ear, cluas ghéar.
My ears are ringing, tá ceol i mo chluasa.
To set back its ears, na cluasa a ligean siar.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht