Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: bone · cone · done · gone · hone
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for one »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
one. I num.a. 1 a Aon (lenites initial consonant; may be omitted) (rud) amháin. One woman, aon bhean amháin; bean amháin. Twenty-one years, bliain is fiche. One hundred and one years, bliain agus céad. b One or two books, leabhar nó dhó. One day out of two, lá as an dá lá; gach dara lá. That's one way of looking at it, sin taobh amháin den scéal. That's one comfort, is mór an gar sin féin. c (One of two things) Leath-. One ear, hand, shoe, leathchluas f, leathlámh f, leathbhróg f. S.a. ANOTHER 4. 2 a Aon-, aonair, singil; aon . . . (amháin). My one and only pastime, an t-aon chaitheamh aimsire atá agam. My one son, m'aonmhac; mo mhac aonair. The one way to do it, an t-aon dóigh amháin lena dhéanamh. No one man can do it, ní thig le fear ar bith a dhéanamh leis féin. b They spoke with one voice, labhair siad d'aonghuth, as béal a chéile. To advance like one man, dul ar aghaidh bonn ar aon. c Céanna, aon-, comh-. In one direction, in aon bhealach amháin; sa treo céanna. In one place, ar aonláthair. They are of one age, comhaois iad. One and the same thought came into our minds, an t-aon smaoineamh amháin a tháinig i gceann gach duine againn. It's all one, is ionann é; sé an dá mhar a chéile é. It's all one to me, is ionann an cás domsa é. d God is one, tá Dia ina aon. To become one, to be made one, dul i lánúnas; pósadh. I am one with you, tá mé ar aonintinn leat. II  ► one, s. 1 num. A haon. Chapter one, caibidil a haon. To look after number one, uisce a tharraingt ar do mhuileann féin. 2 Aon m Two ones, dhá aon. 3 a (Aon) duine, c(h)eann amháin. There is only one left, níl fágtha ach aon cheann amháin, ach ceann. The last but one, an ceann deireanach ach ceann; an ceann roimh an gceann deireanach. S.a. LAST2, I. 1 NEXT I. 1, 2. Goods that are sold in ones, earraí a dhíoltar ina gceann agus ina gceann. For the price of one, ar luach aon cheann amháin. Garment all in one, ball éadaigh in aon phíosa amháin. To be at one with s.., teacht le duine; bheith ar aonintinn le duine. b One and sixpence, och bpingin déag; scilling is réal. One (o'clock), haon (a chlog); buille a chlog. P: I fetched him I landed him, one on the jaw, thug mé aon dorn amháin i mbun na cluaise dó. That's one (up) for us, sin cúig againne. We'll go in and have quick one, isteach linn go slogfaimid taoscán. III  ► one, dem. pron. a This one, an ceann seo. That one, an ceann sin. Which one do you prefer? cé acu (ceann) is fearr leat? The one on the table, an ceann atá ar an mbord. She is the one who wrote the letter, ise (an té) a scríobh an litir. The only one who did it, an t-aon duine amháin a rinne é. b Pick the ripe berries and leave the green ones, bain na caora atá aibí agus fág na rudaí glasa. That's a good one! tá sin ar a shon féin! He is a knowing one, is feasach an mac é. Our dear ones, ár muintir féin; ár gcairde gaoil. The little ones, na páistí; na ruda beaga; (of animals) na rudaí beaga. The Evil One, an Ainsprid, an tÁibhirseoir. IV  ► one, indef. a. One day, lá, lá amháin. One cold day early in March, lá fuar i dtús an Mhárta V  ► one, indef. pron. 1 I haven't a knife, have you got one? nil aon scian agam, an bhfuil ceann agatsa? One of them, (of thg.) ceann acu; (of pers.) duine acu. One of the men, fear de na fir; duine de na fir. One of the boys, fear, duine, de na buachaillí. One of the women, girls, bean, duine, de na mná, de na cailíní. One of the children, duine de na páistí. She is one of the best girls . . ., tá sí ar na cailíní is fearr . . . One of the days, lá de na laethanta. Will you make one of us? an dtiocfaidh tú in éineacht linn? Any one of us, aon duine againn; duine ar bith againn. S.a. EVERY (c). Never a one spoke to me, níor labhair a oiread agus duine liom. One and all, an t-iomlán go léir; gach uile dhuine. Keep one, give him the other, coinnigh ceann agus tabhair an ceann eile dósan. One after the other, (of pers.) duine i ndiaidh an duine eile; (of thgs.) ceann i ndiaidh an chinn eile. One or other of them, ceann éigin acu. One another, a chéile. One by one, (i) ina nduine agus ina nduine; (ii) ina gceann, agus ina gceann. 2 I'll ask one better able to judge, cuirfidh mé ceist ar dhuine is fearr eolas. He looked like one dead, bhí dreach an mharbhánaigh air. To one who understands, it is evident that . . ., is follasach don té a thuigeas go . . . One John Walsh, duine darb ainm Seán Breatnach. I am not (the) one to do it, ní mise an té a dhéanfas é. I'm not much of a one for games, níl tóir rómhór ar chluichí agam. One who would do that, an té, an duine, a dhéanfadh sin. 3 Duine m, tú (leat, etc.). One cannot always remain silent, ní thig le duine fanacht ina thost i gcónaí. One would think . . ., shílfeá, shílfeadh duine . . . It is enough to kill one, mharódh sé thú. 4 One's, a; do. When one is allowed to visit one's friends, nuair atá cead ag duine cuairt a thabhairt ar a chairde. To cut one's finger, do mhéar a ghearradh.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To accommodate one thing to another, rud a chur in oiriúint do, a oiriúnú le, rud eile.
With one accord, d'aon aontú, d'aon gháir f.
I can find no one adequate to the task, níl aon duine agam a thiocfadh aníos leis an tasc.
They entered one after the other, chuaigh siad isteach ina nduine is ina nduine.
To aid one another, cuidiú le chéile; cúnamh a thabhairt dá chéile.
He has one aim and object in life, níl ar an saol aige ach an t-aon chuspóir amháin.
The best one of all those which I bought, an ceann is fearr dar cheannaigh mé.
It is almost one hundred years, tá sé céad bliain ach sa bheag.
He made it his one ambition, ní raibh faoi ná thairis ach é.
Not one amongst them believes it, ní chreideann oiread agus aon duine amháin acu é.
He is one among a thousand, fear as an míle atá ann.
Rowing is one thing, sailing is another, is mór idir iomramh agus seoltóireacht.
(Taking) one year with another, an bhliain mhaith leis an drochbhliain.
Taking one thing with another, idir gach aon sórt.
(Reciprocal pron.)Love one another, bíodh grá agaibh dá chéile.
One should not judge by appearances, ní hionann i gcónaí an cófra is a lucht.
That is one argument against it, sin aon chúis amháin ina aghaidh.
One day as I was sitting ..., lá amháin agus mé in mo shuí . . .
One, two, three, and away, aon, dó, trí agus imígí!
One mistake balanced another, chomhcheartaigh na dearmaid a chéile.
Has any one been? ar tháinig aon duine?
This page and the one before, an leathanach seo agus an ceann roimhe.
I believe in one God, creidim in aon Dia amháin.
There is no one to set beside him, níl aon duine atá inchomórtais leis.
I'll bet ten to one that . . ., cuirfidh mé deich gcinn ar an gceann go ...
To bet two to one, an dúbailt a chur.
This one is better than that one, is fearr an ceann seo, tá an ceann seo níos fearr, ná an ceann sin.
To go one better than s.o., duine a shárú.
I want one of the better-class cloths, éadach fónta atá uaim.
No one can come between them, ní féidir le aon duine cur eatarthu, ní féidir iad a dhealú ó chéile.
Blind in one eye, leathchaoch.
Prov: One can't get blood out of a stone, is doiligh olann a bhaint de ghabhar.
One of his eyes is blood shot, tá séideadh fola ar leathshúil leis.
To boast that one can do sth., maíomh a dhéanamh, gaisce a dhéanamh as a bheith in ann rud a dhéanamh.
p.p.One is born, beirtear duine; tagann duine chun an tsaoil.
One is born again, athbheirtear duine.
Subjects closely bound up with one another, ábhair a bhfuil baint mhór acu le chéile, ábhair atá fite fuaite le chéile.
I have still one string to my bow, tá an tseift dhéanach fágtha go fóill agam.
F: One of the boys, fear m de na cuilcigh, de na hógánaigh.
F: One of the old brigade, duine de na seanfhundúirí.
Take them out one by one, bain amach iad ina gceann agus ina gceann, ceann ar cheann.
This one is longer by two feet, is faide de dhá throigh an ceann seo; tá dhá throigh ag an gceann seo ar an gceann eile.
One-celled, two-celled, aoncheallach, décheallach.
To change one thing for another, rud a bhabhtáil ar rud eile; rud a mhalartú ar rud eile.
To cling together, to one another, teannadh le chéile; fanacht dlúth le chéile.
It is one, two, o'clock, tá sé a haon, a dó, a chlog.
(Intensive) Like one o'clock, go hiontach, thar cionn, thar barr.
You get on together like one o'clock, tá sibh mar a bheadh gearrán bán agus coca féir; tá sibh ag teacht le chéile thar cionn.
Everything went like one o'clock, d'éirigh le gach uile shórt ar fheabhas.
They are acting in collusion with one another, tá siad rúnpháirteach le chéile.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News