grow.Iv.i.1a(Of plant) Fásann. To grow again, athfhás (a dhéanamh). The tree is not growing, níl aon fhás faoin gcrann. (Of nail) To grow in, dul i bhfeoil. b(Of seeds) Eascraíonn. F: A feeling of hate grew up between them, d'éirigh faltanas eatarthu. This state grew out of a few small towns, ní raibh sa stát seo ach roinnt bheag mionbhailte i dtosach. 2(Of pers.) Fásann. To grow tall, éirí mór. She has grown into a woman, tá sí ina bean. When he grew up, nuair a d'fhás sé suas; nuair a tháinig ann. He grew out of his clothes, shéan sé a chuid éadaigh. He will grow out of it, fágfaidh sé ina dhiaidh é leis an aimsir. 3aMéadaíonn, téann i méid. The crowd is growing, tá an slua ag dul i méid; tá an slua ag iomadú. The firm is growing considerably, tá borradh mór faoin gcomhlacht. To grow in wisdom, dul i ngaois. bHabit that grows on one, béas a ghabhann leastuas de dhuine de réir a chéile. cThat picture grows on me, tá an pictiúr sin ag dul i gcion orm. 4aÉirím. To grow old, éirí sean, dul i gcríonnacht. He grew alarmed, tháinig scanradh air. To grow rarer, bheith ag dul i dteirce. It is growing dark, tá sé ag éirí dorcha. bI have grown to think that . . ., táim tagtha ar an tuairim go . . . IIv.tr1Saothraím, cuirim (prátaí, arbhar, etc.). Beet is grown there, saothraítear an biatas ann. He grows roses, bíonn rósanna ag fás aige. Land that will grow wheat, talamh a thabharfaidh cruithneacht. 2Ligim (do m'fhéasóg) fás.