less.1a.a(Rud) is lú. Something of less value, importance (than. . .), rud is lú luach, tábhacht (ná . . .). My business is of less urgency than his, is lú práinn mo ghnósa ná a ghnósin. Guilty in a less degree, ciontach ar chóir is lú. Quantities, sums, less than a certain amount, suimeanna is lú ná oiread áirithe, faoi bhun oiread áirithe. bEat less meat, ith níos lú feola; ná hith an oiread sin feola. He does the less work, is lú an obair a dhéanann seisean. With a few less windows the house would be warmer, bheadh an teach níos cluthaire ach beagán níos lú fuinneoga a bheith air. cA: (Duine) is lú tábhacht. James the Less, San Séam Beag. 2prep.Lúide, ach. Purchase price less 10%, an praghas ceannaigh lúide, ach, 10%. 3s.Níos lú. In less than an hour, faoi bhun uair a chloig. There is so much less to do here since he left, is amhlaidh is lú atá le déanamh anseo ó d'imigh sé. I can't let you have it for less, ní féidir liom é a scaoileadh leat faoina bhun sin, ar níos lú ná sin. 4adv.Níos lú, is lú. It is less bright (than. . .), is lú solas é (ná . . .); níl sé chomh geal (le . . .). A less known man would be better, b'fhearr fear nach mbeadh oiread aithne air. If I had used it less, dá mbeinn gan a oiread úsáide a bhaint as. If I had loved him less, mura mbeadh méid mo cheana air. After that he came less, is lú a tháinig sé as sin amach. Sleep less, codail níos lú; déan níos lú codlata. He likes it less, is lú a thaitníonn sé leis. If we were one less there would have been room, dá mbeimis fear níos lú (ann) bheadh slí againn. I had less than six, bhí níos lú ná, faoi bhun, sé cinn agam; ní raibh na sé cinn agam. It grew less and less, d'éirigh sé níos lú agus níos lú: bhí sé ag dul i laghad i gcónaí. The less you think about it the better, dá laghad machnamh a dhéanfair air is ea is fearr. I was (all) the less surprised as he had already spoken about it, ba lúide m'ionadh mar go raibh labhartha aige cheana air. I do not know where he is and I care (still, even) less, ní heol dom cá bhfuil sé agus is lú ná sin is miste liom. He continued none the less, lean sé air mar sin féin. None the less he came first, dá ainneoin sin agus eile is é a bhí ar tosach. 5aNothing less than. (i) It is nothing less than monstrous, níl sé ar aon chuma eile ach go huafásach. (ii) He resembles nothing less than a poet, níl aon phioc de dhealramh an fhile air; le file is lú is dealraitheach é. bNo less. (i) To fight with no less daring than skill, troid go cliste agus go cróga chomh maith céanna. No less good, lán díreach chomh maith. (ii) They have no less than six servants, ní lú ná seisear seirbhíseach atá acu. (iii) It was no less a person than the King, níorbh aon duine eile ach an rí féin a bhí ann. He is a professor no less!ollamh é! slán mar a n-insítear é! (iv) He fears it no less than I, ní lú is eagal leis é ná liomsa. He fears him no less than me, tá oiread eagla air roimhe agus atá air romhamsa.