as. Iadv.1(In principal clause) Chomh. I am as tall as you, tá mé chomh hard leatsa. Is it as high as that?an bhfuil sé chomh hard sin?2I shall help you as far as I can, tabharfaidh mé oiread cuidithe duit agus is féidir liom. I worked as hard as I could, d'oibrigh mé chomh dian agus thiocfadh liom. S.a. SOON 1. 3As regards that, i dtaca leis sin, maidir leis sin. S.a. FOR1 I. 9. To question s.o. as to his motives, ceist a chur ar dhuine faoin údar a bhí aige. To entertain fears as to sth., bheith eaglach faoi rud, mar gheall ar rud. As to you, i dtaca leatsa; maidir leatsa. II►as, conj. & rel. adv. (In subordinate clause). 1(Degree) aHe is as generous as he is wealthy, tá a chuid féile inchurtha lena chuid maoine. By day as well as by night, sa lá chomh maith leis an oíche. S.a. WELL, I. 4. b (In intensifying similes). As white as snow, chomh geal le sneachta. 2(Concessive) Delightful as Dublin is, aoibhinn agus mar atá Baile Átha Cliath. Ignorant as he is, dá aineolaí é. S.a. MUCH 4. Be that as it may, bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh. 3(Manner) aDo as you like, déan mar is áil leat (féin). As often happens, (faoi) mar a tharlaíos go minic. A is to B as C is to D, tá an cóimheas céanna idir A agus B agus atá idir C agus D. Leave it as it is, fág é mar atá sé. As it is we must. . ., mar atá an scéal caithfimid. . . S.a. GO2 2, 3, IF 1 (h), SO I. 1, THOUGH I. 3. bAs ..., so ...(Just) as we did last year, so we must do now, an rud a rinneamar anuraidh, is é a chaithfimid a dhéanamh anois arís. As of you, so of me, tá do dhála féin ormsa. cHe will keep silent, as I am an honest man, ní labhróidh sé aon fhocal, rachaidh mise i mbannaí. As I live I saw him strike the blow, chomh cinnte agus atá mé beo chonaic mé ag bualadh an bhuille é. dDo you consider me as a fool?an amadán agat mé?To treat s.o. as a stranger, meas strainséara a thabhairt ar dhuine. I had him as a master, bhí sé ina mháistir orm (seal). He was often ill as a child, ba mhinic tinn é agus é ina leanbh. He acted as secretary, (i) bhí sé ina rúnaí; (ii) bhí sé in ionad rúnaí. As a boy and as a man, ina ghasúr agus ina fhear. He acted as father to them, bhí sé mar athair acu. He was dressed as a sailor, bhí sé gléasta mar mhairnéalach. 4(Time) aHe went out (just) as I came in, chuaigh sé amach (go díreach) agus mé ag teacht isteach. One day as I was sitting ..., lá amháin agus mé in mo shuí . . . They were murdered as they lay asleep, maraíodh iad agus iad ina gcodladh. S.a. JUST II. 1. bAs he grew older, de réir mar bhí sé ag dul in aois. 5(Reason) As you are not ready we cannot go, tharla nach bhfuil tú réidh ní thig linn imeacht. 6(Result) He arranged matters as to please everyone, shocraigh sé na gnóthaí ar dhóigh a shásódh gach aon duine. Be so good as to come, tar, le do thoil. He is not so foolish as to believe it, níl sé chomh hamaideach agus go gcreidfeadh sé é. S.a. SO I. 4. III►as, rel.pron.I had the same trouble as you, bhí an trioblóid chéanna orm a bhí ort féin. Beasts (such) as the lion or tiger, ainmhithe leithéid an leoin nó an tíogair.