EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
knock 1 , s . 1 Buille m , cnag m . To give s.o. a knock on the head , (i) buille a thabhairt do dhuine sa chloigeann ; (ii) duine a chnagadh . You got a nasty knock , fuair tú drochiarraidh . 2 A knock at the door , cnag m . There was a knock at the door , buaileadh an doras . 3 I.C.E : Engine-knock , cnagarnach innill . 4 Cr : (Innings) Greas m istigh .
knock 2 . 1 v .tr . a Buailim, cnagaim . To knock s.o. on the head , (i) duine a bhualadh sa chloigeann ; (ii) spéice a dhéanamh de dhuine . He knocked his head against the door , bhuail sé a chloigeann in éadan an dorais . To knock sth. out of s.o.'s hand , rud a chaitheamh as lámh duine . b To knock a hole in, through, sth ., poll a bhriseadh ar, i, rud . c P : Déanaim stangaire de (dhuine) . 2 v .i . a Buailim, cnagaim . b To knock against sth ., bualadh in éadan ruda, faoi rud . c (Of engine) Cnagann .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Knock-out blow , dúbhuille .
To knock the bottom out of an argument , ciolar chiot a dhéanamh d'argóint .
He was knocked down by Seán , leag Seán é .
F : To knock s.o. into a cocked hat , spéice, cruipidín, a dhéanamh de dhuine .
To give a double knock , dhá bhuille a thabhairt i ndiaidh a chéile .
You could have knocked me down with a feather , d'fheadfá mé a leagan le tráithnín .
To knock s.o. off his feet , duine a chur, a bhaint, dá bhoinn .
To knock holes in an argument , na cosa a bhaint d'argóint .
I imagined I heard a knock at the door , chonacthas dom gur chuala mé cnag ar an doras .
Ship that has been terribly knocked about (in battle) , long a fuair a greadadh (i gcath) .
To knock about the world , an domhan mór a shiúl ; imeacht ag fánaíocht ar fud an domhain .
He was knocked down by a car , leag carr é .
(At auction) To knock sth. down to s.o ., rud a dhíol le duine .
To knock the glass off the table , an ghloine a leagan den bhord .
To knock the handle off the jug , an chluas a bhaint den chrúiscín .
To knock something off the price , rud éigin a bhaint den phraghas .
To knock off the odd pence , na pinginí corra a bhaint de (bhille) .
To knock s.o.'s brains out , an inchinn a shíobadh as duine .
Box : To knock s.o. out , codladh púicín a chur ar dhuine .
Ten : He was knocked out in a tournament , leagadh as an gcomórtas é .
To knock up s.o.'s hand , lámh duine a bhualadh in airde .
To knock up the ball , an liathróid a chur sa spéir .
Ten : To knock up the balls , dreas cleachtaidh a dhéanamh .
Cr : To knock up a century , céad a scóráil .
To knock up against s.o. , (i) bualadh in éadan duine ; (ii) bualadh le duine ; casadh ar dhuine .
I was knocked up with a cold , bhí mé buailte síos le slaghdán .
Th : Knock-about comedian , fuirseoir m geáitsíochta .
Knock-about life , saol corrach, fánach .
Knock-down price , an luach is ísle ; slad m .
Knock-out price , an luach is ísle ; slad m .
There's a knock, it must be the doctor , tá bualadh ag an doras, is é is dóiche gurb é an dochtúir é .
To knock sth. over , rud a leagan .
F : To knock s.o. off his perch , béim síos a thabhairt do dhuine ; duine a bhaint dá phrapaireacht .
I knocked him senseless , d'fhág mé ina luí gan aithne gan urlabhra é .
To knock sth. out of shape , anchuma a chur ar rud ; rud a chur as a chuma .
To knock s.o. silly , néal a chur sa chloigeann ag duine, spéice a dhéanamh de dhuine .
To knock sth. (in)to smithereens , conamar a dhéanamh de rud .
Somebody knocking , táthar ag bualadh ag an doras .
F : To knock spots off s.o ., duine a bhualadh caoch, buachan pic ar dhuine .
To knock the stuffing out of s.o ., na físeacha a thabhairt do dhuine .
To knock a tooth out of s.o.'s mouth , fiacail a bhaint as duine .
F : To knock about the world , imeacht ar fud an domhain .