late,Ia.1aDéanach, deireanach, mall. To be late (for sth.), bheith déanach ag rud. I don't want to make you late, níor mhaith liom tú a choimeád déanach. b(Delayed) He is late, cuireadh moill air. 2aDéanach, deireanach. It is getting late, tá sé ag dul i ndéanaí. I was too late, tháinig mé ródhéanach. I did not think it was so late, níor shíleas go raibh sé chomh déanach sin, chomh fada sin san oíche. It is late in the day to change your mind, tá sé ródhéanach agat intinn eile a dhéanamh. I was late (in) going to bed, bhí sé mall ag dul a luí dom. At a late hour (in the day), go déanach (sa lá); amach (go maith) sa lá. In the late afternoon, siar sa tráthnóna; tráthnóna déanach. In late summer, in late autumn, amach i ndeireadh an tsamhraidh, an fhómhair. Easter is late this year, tá an Cháisc fada amach i mbliana. Later events proved that . . ., chruthaigh ar tharla ina dhiaidh sin go ... On a later occasion, ar ócáid ina dhiaidh sin. At some later date, lá is faide anonn. It is twelve o'clock at (the) latest, tá sé a dó dhéag a chlog ar a dhéanaí de. Latest date, an dáta is déanaí; an lá deireanach. Monday at the latest, Dé Luain an seal is maille. b(Of pers.) In the late fifties, ag druidim leis na trí fichid. (Of time) In the late eighties, sna blianta deireanacha idir 1880 agus 1890. 3(Fruit, etc.) Déanach, deireanach, mall. Late potatoes, prátaí malla. Late frosts, aimsir sheaca amach sa bhliain. 4aAth-, iar-, sean-. The late minister, an t-iar-aire. bMy late father, m'athair, trócaire air. 5Nua, úr. Of late years, sna blianta déanacha, beaga, seo. Of late, le deireanas; le déanaí; le gairid. The author's latest work, saothar deireanach an údair. Latest novelties, na nuachtanna is déanaí. Latest intelligence, latest news, an scéala is nua. That is the latest, sin an scéal is déanaí. What’s the latest?cad é an scéal is nua? John’s latest, an scéal is deireanaí ag Seán. ►lately, adv.Go déanach, le deireanas, le déanaí, le gairid, ar na mallaibh. Till lately, go dtí le déanaí. As lately as yesterday, inné féin►late, adv.II1(Go) déanach, deireanach mall. To arrive too late, teacht ródhéanach. Better late than never, is fearr go mall ná go brách; is fearr déanaí ná ródhéanaí. 2(Go) déanach, deireanach, mall. Early and late, moch déanach; ó dhubh dubh. Early or late, sooner or later, luath nó mall. To keep s.o. late, duine a choimeád déanach; moill, deireanaí, a chur ar dhuine. Very late at night, go han-déanach san oíche. Late into the night, amach go maith san oíche. Late in the afternoon, tráthnóna déanach. Late in the season, anonn sa séasúr. Late in life, (duine) agus é sean go maith, scothaosta, anonn sna blianta. As late as yesterday, no later than yesterday, an lá inné féin. A moment later, nóiméad ina dhiaidh sin. Later on, (i) (past) idir sin agus tráthas; (ii) (fut.) amach anseo. This happened later (on), ina dhiaidh sin sea tharla seo. A few days later on, laethanta beaga ina dhiaidh sin. See you later!feicfead ar ball tú!3Late of London, as Londain; roimhe seo i Londain.