on.Iprep.Ar (Pron. forms: sg. orm, ort, air ( m ), uirthi ( f ); pl. orainn, oraibh, orthu). 1aTo tread, walk, on sth., siúl ar rud. On the Continent, ar an Mór-Roinn. On the high seas, ar an mórmhuir. On shore, ar talamh. He came on foot, tháinig sé de shiúl a chos. On horseback, ar mhuin capaill. b(Member of) He is on the committee, duine den choiste é. He is on the staff, tá sé ar an bhfoireann. To be on a newspaper, bheith ag obair do nuachtán. 2aHanging on the wall, ar crochadh ar an mballa, leis an mballa. He had no shoes on his feet, ní raibh aon bhróg ar a chois. Have you any money on you?an bhfuil aon phingin airgid ar iompar agat?To play on a violin, seinm ar veidhlín. On page four, ar leathanach a ceathair. b(Proximity) (i) House on the main road, teach ar thaobh an bhealaigh mhóir. (ii) Just on a year ago, beagnach bliain ó shin. 3(Direction) aTo jump on (to) the table, léim (suas) ar an mbord. On (to) the shore, isteach ar an gcladach. Room that looks on (to) the street, seomra a bhfuil a aghaidh ar an tsráid. bOn the right, left, ar dheis, ar clé. On this side, ar an taobh seo abhus. c(Towards) Marching on Dublin, ag máirseáil ar, i dtreo, Bhaile Átha Cliath. To smile on s.o., miongháire a dhéanamh le duine. To turn one's back on s.o., do chúl a thabhairt le duine. dTo serve a writ on s.o., eascaire a sheirbheáil ar dhuine. To leave one's card on s.o., do chárta a fhágáil ag duine. 4(Basis, ground) It is based on the truth, tá bunús fírinne leis. I have it on good authority, tá urra mhaith agam leis. To act on the advice of . . ., beart a dhéanamh de réir chomhairle . . . He was arrested on a charge of murder, tógadh é agus cuireadh síos dúnmharú dó. On penalty of death, faoi phionós báis. On an average, ar meán. To borrow money on security, iasacht airgid a fháil ar bhannaí. To retire on pension, dul amach ar pinsean. Dependent on . . ., ag brath ar . . .; i muinín ... On condition that..., ar acht go ...; ar chuntar go . . . To buy sth. on good terms, rud a cheannach i saorchonradh. 5(In expression of time) aOn Sunday, Dé Domhnaigh (seo chugainn, seo caite). He works on Sundays, bíonn sé ag obair Dé Domhnaigh. On the following day, an lá arna mhárach. On the evening of the first of May, tráthnóna lá Bealtaine. On May the third, (ar) an tríú lá de Bhealtaine. bOn a warm day like this, lá te mar atá inniu ann. On certain days, laethanta áirithe. On and after the fifteenth, an cúigiú lá déag agus uaidh sin amach. On or about the twentieth, i dtrátha an fichiú lá. On that occasion, an uair sin. On his majority, ar theacht in aois dó. On my arrival, ar theacht dom. On the way, faoi bhealach. On application, ach a iarraidh. On examination of it, nuair a scrúdaíodh é. On the delivery of the letter, nuair a seachadadh an litir. cOn (my) entering the room, ar mo dhul isteach sa seomra. dOn time, on the minute, ar bhuille an chloig; ar an sprioc. 6a(Manner) On this wise, ar an gcaoi seo. b(With adj.) He bought it on the cheap, fuair sé saor é; fuair sé aisce ann. On the sly, gan fhios. 7(State) On sale, ar díol. On tap, ar tarraingt. On fire, trí thine. 8(Concerning) A lecture on history, léacht ar an stair. A book on Dublin, leabhar faoi Bhaile Átha Cliath. Inquiry on sth., fiosrú faoi rud. She congratulated him on his appointment, mhair sí an post dó. Keen on sth., leata ar; dúilmhear i. He is mad on her, tá sé sa chiall is aigeantaí aici. 9(Engaged upon) On business, le gnóthaí. On a pilgrimage, ar oilithreacht. On holiday, ar saoire. Working on a book, ag gabháil de leabhar; ag scríobh leabhair. 10Have pity on him, bíodh trua agat dó. Its effect on him, mar a chuaigh sé dó. An attack on s.o., ionsaí ar dhuine. This round (of drinks) is on me, ormsa an deoch seo. 11To live on one's private income, bheith beo ar theacht isteach ó do chuid airgid féin. Many live on less than thatis iomaí duine ag maireachtáil ar chuid is lú ná sin. 12(Added to) Disaster on disaster, tubaiste ar mhuin tubaiste. IIadv.1aTo put on the cloth, an t-éadach a chur ar an mbord. To put on the pot, an pota a chur síos. Th: (Of actor) To be on, bheith ar an ardán, bTo put on one's clothes, do chuid éadaí a chur ort. He had his boots on, bhí a bhróga air. What had he got on?cén t-éadach a bhí air?On with your coat!gread ort do chóta!2Work on, read on!oibrigh leat, léigh leat!Go on!lean leat!He worked on and on, d'oibrigh sé leis gan stad. And so on, agus eile; agus mar sin de. 3(Towards) She was broadside on to the shore, a taobh a bhí le cladach. To keep an airship nose on to the wind, bád aeir a choinneáil agus a soc sa ghaoth. 4(In expression of time) aLater on, tamall ina dhiaidh sin. From that day on, ón lá sin amach. From now on, feasta. S.a. NOW III. Well on in April, amach san Aibreán. Well on in years, anonn go maith in aois. bP: He was a bit on, bhí braon ar bord aige; bhí sé súgach. cP: To have s.o. on, cleas a imirt ar dhuine, mealladh a bhaint as duine. 5To turn on the tap, an sconna a oscailt. 'On,''oscailte'. The machine was on, bhí an t-inneall ag gabháil. The brakes were on, bhí na coscáin teannta. The play is on, tá an dráma ar obair. On with the dance!ar aghaidh leis an damhsa!What's on at the theatre?céard atá ar bun san amharclann?What's on tonight? (i) cad é a bheas ar cois anocht? (ii) cad é a bheifear a dhéanamh anocht?Have you anything on this evening?an mbeidh rud ar bith ar bun anocht agat?6F: aI'm on (for it)!beidh mé ann!I'm not on!fágtar mise as!bTo be on to sth., rud a thuiscint; dul amach ar rud. They were on to his little game, d'aithin siad an cleas beag a bhí aige. cI was on to him on the phone this morning, bhí mé ag caint leis ar an nguthán maidin inniu. The guards are on to him, tá na gardaí ar a dhroim. dHe is always on to me, tá sé i gcónaí sáite asam. 7On and off, anois is arís.