EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
hour , s . Uair f . 1 An hour and a half , uair go leith . Half an hour , leathuair f . A quarter of an hour , ceathrú f uaire . Hour by hour , ó uair go chéile . To pay s.o. by the hour , duine a íoc de réir na huaire . Five miles an hour , cúig mhíle san uair . F : To take hours over sth ., an lá a chaitheamh le rud . After hours , tar éis an ama . To work long hours , lá fada a oibriú . 2 a At the hour of seven , ar a seacht a chlog . At the hour stated , ag an am atá luaite . The questions of the hour , cúrsaí na linne . In the hour of need , in am riachtanais ; le linn géibhinn . In a happy hour , go hádhúil . The hour has come , tá an t-am ann . The hour has come to go to bed, to get up, etc. , tá sé in am luí, éirí, etc . b In the small hours (of the morning) , i ndeireadh na hoíche . At all hours , go moch is go mall . To keep late hours , (i) bheith amuigh mall ; (ii) airneán fada a dhéanamh . c Ecc : Book of Hours , Leabhar Tráth .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He arrived an hour ago , tháinig sé tá uair ó shin .
He is two hours ahead of me , tá dhá uair de bhuntáiste aige orm .
At all hours , moch mall, go moch is go mall .
The hour came all too soon , róluath a tháinig an t-am .
At any hour of the day , am ar bith sa lá .
To assign an hour, a place , am, ionad, a ainmniú .
He averages eight hours' work a day , oibríonn sé ocht n-uaire sa lá, gach aon lá leis an lá eile ; déanann sé ar meán, hocht n-uaire oibre sa lá .
Business hours , uaireanta oibre .
I saw him but an hour ago , níl sé ach uair ó chonaic mé é .
Calling hours , tráth cuairteanna .
(Of clock) To chime the hour , an uair, an t-am, a bhaint, a bhualadh .
Engine that consumes a ton of coal per hour , inneall a ídíos tonna guail san uair .
The dead hours , am marbh na hoíche .
To keep early hours , luí leis an uan agus éirí leis an éan .
At the eleventh hour , (i) B : ar an aonú huair déag ; (ii) F : ar an nóiméad deireanach .
(ii) Two hours on end , dhá uair a chloig as a chéile .
The fatal hour , uair na cinniúna, an bháis .
F : It took two hours for the car to arrive , bhain sé dhá uair a chloig den charr teacht .
I waited two full hours for you , d'fhanas dhá uair druidte leat .
It takes fully two hours , ní mór an dá uair a chloig slán chuige .
To go twenty miles an hour , dul fiche míle san uair .
Four hundred miles in two hours, that’s very good going , ceithre chéad míle in dhá uair a chloig, is breá an siúl é .
I waited two good hours , bhíos dhá uair fhada a chloig ag feitheamh .
Three and a half hours , trí huaire go leith .
In a happy hour , ar uair an áidh .
To improve the occasion, the shining hour , leas a bhaint as an bhfaill ; an deis a thapú .
To do sth. in three hours , rud a dhéanamh i dtrí huaire an chloig .
He'll be here in three hours , beidh sé anseo faoi cheann trí huaire .
At the hour indicated , ar an uair a bhí ceaptha .
The inevitable hour , uair na cinniúna .
He keeps inordinate hours , déanann sé airneán siar amach san oíche .
Six hours without interruption , sé huaire gan stad, as a chéile .
At a late hour (in the day) , go déanach (sa lá) ; amach (go maith) sa lá .
The lateness of the hour , a dheireanaí, a dhéanaí, atá (a bhí, etc.) sé.
At a latish hour, latish in the day , go leathdhéanach (sa lá) ; amach go maith sa lá .
Leisure hours , tráthanna scíthe .
In less than an hour , faoi bhun uair a chloig .
Little more than an hour ago , ní mór thar uair a chloig ó shin .
He mooned away two hours , chaith sé dhá uair ag gabháil thart ag stárógacht .
F : Two mortal hours , dhá uair druidte .
The hour is near , tá an uair i ndeas dúinn (duit, etc.), buailte linn (leat, etc) .
He has a few hours off , tá cúpla uair scíthe aige .
The passing hour , seal neamhbhuan .
Rail : Peak hours , amanna barrthráchta .
Twenty miles per hour , fiche míle san uair .
Going at the rate of twenty miles per hour , ag gabháil fiche míle san uair .
Train running at fifty miles an hour , traein ag dul caoga míle san uair .
The rush hours , (i) na tráthanna brúite ; (ii) (In business) tráthanna na broide .
Hours saved , uaireanta sábháilte .