laugh1, s.Gáire m.A short laugh, smuta m gáire. To burst into a laugh, scairteadh gáire a dhéanamh; pléascadh ar gháire. He gave a loud laugh, lig sé a sheangháire. To force a laugh, give a forced laugh, gáire doicheallach a dhéanamh. With a laugh, agus mé (é, etc.) ag gáire. To raise a laugh, gáire a bhaint as an gcuideachta. I had, got, the laugh of John, agamsa a bhí an gáire faoi Sheán (ar deireadh thiar). I had the laugh on my side, mise a rinne an gáire; agamsa a bhí an gáire.
laugh2 .1v.i.Gáirim; déanaim gáire. aTo laugh heartily, gáire go croíúil. To laugh immoderately, uproariously, bheith sna trithí ag gáire; bheith in arraingeacha ag gáire. She laughed till she cried, bhí sí ag gáire go dtáinig na deora lena súile. He laughed to himself, rinne sé gáire leis féin. To laugh in, up, one's sleeve, inwardly, bheith ag gáire faoi choim. I soon made him laugh on the wrong side of his face, on the wrong side of his mouth, ba ghearr an mhoill orm an magadh a chur ina dháiríre air. He laughed on the wrong side of his face, ba é gáire Sheáin dóite aige é. bTo laugh at, over, sth., gáire faoi rud. There is nothing to laugh at, níl aon chúis gháire ann. To laugh at s.o., gáire a dhéanamh faoi dhuine. He got laughed at, is amhlaidh a bhíothas ag gáire faoi. 2v.tr.aWith cogn. acc.He laughed a bitter laugh, rinne sé gáire searbh, dóite. bWe laughed him out of it, bhíomar ag magadh faoi gur thug sé suas é. They laughed down the proposal, chuir siad deireadh leis an tairiscint le neart magaidh. They laughed him out of court, rinneadar geoin de. They laughed him to scorn, gháireadar go tarcaisneach faoi. He laughed the matter off, níor rinne sé den scéal ach greann.