give1, s.Tabhairt f, géilleadh m, dus m (adhmaid, etc.).
give2,Iv.tr.Tugaim(fut., tabharfad; v.n.tabhairt). 1aTo give sth. to s.o., to give s.o. sth., rud a thabhairt do dhuine. It was given to me, tugadh dom (mar bhronntanas) é, bronnadh orm é. To give alms, déirc a thabhairt. Given a leader they will act, ach ceann a bheith orthu déanfaidh siad rud éigin. God give me courage!go dtuga Dia misneach dom!It is not given to all to be rich, ní dlitear do chách a bheith saibhir. F: Give me the good old days!beannacht Dé leis an seansaol. bTo give and take, ligean chugat is uait. They knew how to give and take, bhí ciall ranna acu. 2aTo give s.o. sth. to eat, to drink, rud a thabhairt le n-ithe, le n-ól, do dhuine. To give a child a name, ainm a thabhairt ar pháiste. To give s.o. six months' imprisonment, sé mhí príosúin a ghearradh ar dhuine. To give s.o. a job, (i) post a thabhairt do dhuine; (ii) rud a thabhairt le déanamh do dhuine. F: It will give me all I can do to finish it, cuirfidh sé go dtí m'aonbheart mé é a chríochnú. bTo give sth. into s.o.'s hands, rud a thabhairt isteach ina lámha do dhuine. cGive my compliments to the minister, beir mo dhea-mhéin chuig an aire. Give him my love, beir mo bheannacht chuige. dCuirim (m'fhocal, etc.) i ngeall. I give my word, tugaim m'fhocal(that, ar). 3To give a good price for sth., praghas maith a thabhairt, a íoc, ar rud. What did you give for it?cé mhéad a thugais air?4He gave his life to God, thug sé, thoirbhir sé, thíolaic sé, a bheatha do Dhia. He gave his mind, himself, to learning, dhírigh sé, chrom sé, a intinn go léir ar an léann; chaith sé a shaol go léir leis an léann. 5To give a jump, léim a thabhairt, a chaitheamh, a ghearradh. To give a laugh, gáire a dhéanamh. To give a sigh, liach a ligean; osna a tharraingt. To give s.o. a blow, buille a bhualadh ar dhuine, a thabhairt do dhuine. To give s.o. a smile, miongháire a dhéanamh le duine. He gave a queer look, tháinig féachaint aisteach ina dhá shúil. To give orders, (i) orduithe a thabhairt; (ii) (at shop) earraí a ordú. 6aHe gave me his hand, chuir sé a lámh i mo láimh; shín sé a lámh chugam. bTo give one's attention to s.o., aird a thabhairt ar dhuine. I will give the matter every care, tabharfad togha na haire don ghnó. 7aTo give particulars, miontuairisc a thabhairt. To give a decision, breith a thabhairt. F: I'll give you best, géillim duit; fágaim an fear is fearr agat. bHe gave no sign(s) of life, ní raibh dé ann, cor as. To give an average of ten, a deich a thabhairt mar mheán (uimhir). cTo give examples, samplaí a lua. Given any two points, nuair is eol aon dá phointe. dTo give a song, amhrán a ghabháil. To give a story, scéal a aithris. To give a speech, óráid a dhéanamh. eTo give a toast, sláinte a ghlaoch, a thabhairt. I give you the lady, ólaimis sláinte na mná uaisle. 8aMotion given by the handle, gluaiseacht a chuireann an lámh ar siúl. bTo give pain, (duine) a ghortú; pian a chur ar (dhuine). To give pleasure, pléisiúr a thabhairt (do dhuine). To give yourself trouble, dua a chur ort féin. cTo give s.o. to understand sth., rud a thabhairt le tuiscint do dhuine. dTugann (mar thoradh). Investment that gives 10%, fuilleamh a thugann 10%. 9aP: To give it (to) s.o., (i) scalladh teanga a thabhairt do dhuine; (ii) é a thabhairt ó thalamh do dhuine. I gave him what for!d'fhágas tochas sa chluais aige! chíoras go maith é!bF: He gave her as good as he got, thug sé cor in aghaidh an chaim di; thug sé slat dá tomhas féin di. 10aTo give way (Also abs. to give) Tugann (uaidh), géilleann. The ladder gave, thug an dréimire; thug an dréimire uaidh. The ground gave way under our feet, d'imigh an talamh ónár gcosa; d'oscail an talamh faoinár gcosa. I felt my legs give (way) beneath me, bhraitheas na cosa ag lúbadh fúm. bCúlaím, téim ar gcúl. He gave way to the enemy, ghéill sé don namhaid. He gave way to despair, thug sé é féin suas don éadóchas; lig sé é féin in éadóchas. He gave way to the temptation, ghéill sé don chathú. He gave way to his emotions, lig sé leis féin; bhris (an gol, etc.) air. cTo give way (to s.o.), géilleadh (do dhuine). dFin: Com: (Of prices, shares) Tugann uathu. IIv.i.1a(Of elastic, etc.) Tugann, géilleann. The rope has given a good deal, tá an téad ligthe mórán, b(Of colour) Tréigeann. c(Of frost) Briseann, bogann; (of weather) maolaíonn, bogann. 2The window gives upon the garden, tá an fhuinneog ar dheisiúr an ghairdín. The door gives into the street, tá an doras ag oscailt amach ar an tsráid.