know1, s.F: To be in the know, bheith feasach. Those who are in the know, an mhuintir atá eolach; lucht an eolais.
know2, v.tr.1aAithním. I knew him by his walk, a shiúl a d'aithin mé. I knew him for a German, d'aithin mé gur Ghearmánach é. bAithním (rud thar, ó, rud eile). To know good from evil, aithint idir an mhaith agus an t-olc. 2aTá aithne agam ar (dhuine); tá eolas agam ar (áit). When I got to know him better, nuair a chuaigh mé in aitheantas air. I know him for years, tá seanaithne agam air. I know him slightly, níl ach mearaithne agam air. He knows a lot of people in Dublin, tá aithne mhór i mBaile Átha Cliath aige. bHe knows no fear, níor chuir a dhath riamh eagla air. His zeal knows no bounds, tá dúthracht as cuimse ann. 3They are neighbours of ours but we do not know them, tá siad sa chomharsanacht againn ach ní bhíonn aon chaidreamh againn orthu. 4Tá (ábhar) agam. He knows Irish, tá Gaeilge aige. I know it by heart, tá sé ar mo theanga agam; tá sé de ghlanmheabhair agam. He knows how to do it, tá lámh mhaith aige air; tá sé in ann a dhéanta. He knows how to read, tig leis léamh; tá léamh aige. He knows how to behave, to speak, tá fios a bhéasa, a labhartha, aige. They ran all they knew, rith siad an méid a bhí ina gcnámha. 5aTá a fhios agam; Phil: fiosaím. He knows more than he says, tá níos mó eolais aige ná a ligeas sé air féin. I know that well enough, is maith atá a fhios sin agam. As far as I know, for all I know, ar feadh m'eolais, go bhfios dom. He does not know, níl a fhios aige. How do I know?cá bhfios domsa?As everyone knows, mar is eol don saol. He knows his own mind, tá sé righin as a dhóigh féin. I would have you know that . . ., bíodh a fhios agat ... I don't know that he understands it, tá mé in amhras nach dtuigeann sé é. He didn't quite know what to say, ní mó ná go raibh a fhios aige céard a déarfadh sé. He knows what he is talking about, tá bunúdar aige lena chuid cainte. bI know him to be a liar, tá a fhios agam go bhfuil sé bréagach. I have known it (to) happen, chonaiceamar a mhacasamhail roimhe. Have you ever known me to tell a lie?an bhfuair tú riamh bréagach mé? He had never been known to laugh, ní fhacthas riamh ag gáire é. 6To get to know sth., eolas a fháil, a chur, ar rud. I knew it yesterday, bhí a fhios agam inné. Please let us know, cuir scéala chugainn le do thoil. Everything gets known, ní féidir rud ar bith a choinneáil ceilte. 7F: Don't I know it!nach agam atá a fhios!Not if I know it!baol orm! ar ór na cruinne!8He knew better than to . . ., thug sé dá aire nach . . . I know better (than that), (i) is eol dom a athrach sin; (ii) ní heagal dom! baol orm!He knows better than to do it, ní heagal dó a dhéanamh. You ought to know better at your age, ba chóir go mbeadh a athrach de chiall agat san aois ina bhfuil tú.