little.Ia.1Beag, mion-, -ín. Little boy, garsún m beag, garsúinín m. Little girl, cailín m beag, gearrchaile m. Little ones, (i) leanaí mpl beaga, gasúir mpl, páistí mpl; (ii) rudaí mpl óga, beaga (ainmhí). The little people, na daoine maithe. The poor little fellow, an créatúirín bocht. (To child) Come here my little man, tar i leith chugam, a mhaicín. The little things of life, mionchúrsaí an tsaoil. A tiny little house, teachín beag bídeach. Wait a little while!fan go fóillín, go fóill beag. The little finger, an lúidín m, laidhricín m. 2Beagán (ruda, de rud). Little money, airgead beag; beagán airgid. She knows a little music, tá beagán eolais, eolas beag éigin, ar cheol aici. Ever so little, oiread na fríde, fíorbheagán. Be it ever so little, dá laghad é. 3(Intinn) shuarach. II►little, s.1Beagán m. He eats little or nothing, is beag in aon chor a itheann sé. He knows very little, fíorbheagán eolais atá aige. I had little to do with it, is beag an bhaint a bhí agamsa leis. I see very little of him, is fíorannamh, i bhfad ó chéile, a fheicim é. I think little of it, is beag é mo mheas air; ní mór is fiú liom é. It was but little advantage to me, is beag a fuaireas dá thairbhe. He made little of it, rinne sé neamhní de. Little by little, beagán ar bheagán, de réir a chéile, diaidh ar ndiaidh. Every little helps, bailíonn brobh beart; is mór iad na beaganna i dteannta a chéile. 2A little, beagán m. aA little more, beagán eile; ábhairín beag eile. A little more than twenty years ago, corradh beag le fiche bliain ó shin. A little makes us laugh, is beag an rud a bhaineann gáire asainn. For a little (while), ar feadh tamaillín. bAdvHe helped him a little, thug sé beagán cúnaimh dhó; chuidigh sé beagán leis. I was a little afraid, bhí iarracht d'eagla orm. A little too soon, buille, pas beag, róluath. It is a little too high, (is) ar a airde; tá sé mós ard. III►little, adv.Beagán. Little more than an hour ago, ní mór thar uair a chloig ó shin. I little thought . . ., is lag a mheasas . . ., is beag a shíleas . . .