EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Simple layout
voice 1 , s . 1 Guth m -a ; glór m . To raise one's voice , do ghuth a ardú . In a gentle voice , de ghlór caoin . In a low voice , de ghlór íseal . S.a. RAISE 4, TOP1 I. 6. 2 Guth m . He gave voice to his indignation , lig sé amach a racht . We have no voice in the matter , ní againne atá a shocrú . They refused with one voice , dhiúltaigh siad d'aon ghuth . 3 Gram : Faí f . In the active voice , san fhaí ghníomhach .
voice 2 , v .tr . 1 Nochtaim, cuirim in iúl (tuairim) . 2 Ling : Glóraím (consan) .
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
A voice from above , glór as na Flaithis .
His voice was heard above the din , chualathas a ghlór os cionn an ghleo .
Gram : Active voice , faí ghníomhach .
Angry voices , glórtha feargacha .
He spoke in a beery voice , bhí aithne óil ar a chuid cainte .
The two voices blend , tá an dá ghuth ag cur le chéile .
Break in the voice , (i) tocht m -a ; (ii) briseadh sa ghuth (ar theacht in inmhe fir) .
His voice is beginning to break , tá an guth ag tosú ag briseadh aige .
His voice was broken (with emotion) , bhí tocht ina ghlór .
Breaking of the voice , (i) (at manhood) briseadh m gutha ; (ii) (with emotion) tocht m -a .
In a broken voice , i nglór stadach .
Cadence of the voice , (i) Ísliú gutha ; (ii) tuin f cainte .
His voice carries well , tá an-réim, ligean, faoina ghuth .
Clear voice , guth soiléir, gléineach .
Coarse voice , glór garbh .
Cracked voice , guth briste .
Rich creamy voice , glór bog maoth .
In a deep voice , de ghlór toll .
Deliberative voice , guth tomhaiste .
In a dying voice , de ghlór an bháis .
His voice echoes through the halls , is toll torannach a ghlór ar fud an halla .
His voice was touched with emotion , bhí tocht ina ghlór .
Falsetto (voice) , cuach f , guth m cuachach .
His voice sounded familiar to me , cheapas gur aithníos a ghlór .
Full voice , glór scolard .
She spoke in a genteel tone of voice , bhí tuin, canúint, ghalánta ar a cuid cainte .
All the hatred had gone out of his voice , ní raibh aon phioc den fhuath fágtha ina ghlór .
His voice hardened , tháinig faobhar ar a ghlór .
High voice , (i) glór ard ; (ii) glór géar .
Hubbub of voices , forrú cainte , geoin chainte .
Husky voice , (i) glór piachánach ; (ii) glór múchta (le tocht) .
In a gentle voice , de ghlór caoin .
In an injured tone (of voice) , de ghlór múisiamach .
Languid voice , guth fann, faon .
He lifted up his voice , d'ardaigh sé a ghlór .
He lost his voice , theip an guth air .
Loss of voice , teip f an ghutha .
In a loud voice , de ghuth ard ; os ard ; go hard .
In a low voice , de ghlór íseal ; os íseal .
The voice of the nation , guth na ndaoine ; guth an phobail .
There was a note of sorrow in his voice , bhí meacan m an bhróin ina ghlór .
They spoke with one voice , labhair siad d'aonghuth, as béal a chéile .
We heard voices over the wall , chualamar glórtha ar an taobh eile den bhalla .
a . & s .Gram : The passive voice , an fhaí chéasta .
A little voice piped up , chualathas glóirín beag caol .
Mus : To pitch one's voice higher, lower , airde an ghutha, a ardú, a ísliú .