Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: ahead · airhead · head · adha · adhal
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for a head » and ahead »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ahead, adv. 1 Nau: a To be ahead, bheith roimh (long). The ship was right ahead of us, bhí an long díreach romhainn. To draw ahead of s.o., of ship, dul roimh dhuine, roimh long. To go ahead, dul ar aghaidh, dul chun tosaigh. b Wind ahead, gaoth in aghaidh (na loinge). 2 F: (Of pers., cars, etc.) a To get ahead, dul chun tosaigh. When I got ahead of the other car, nuair scoith mé an carr eile. To go on ahead, imeacht ar dtús. (You) go on ahead (of us), ar aghaidh leat romhainn. Ahead of s.o., roimh dhuine. He is two hours ahead of me, tá dhá uair de bhuntáiste aige orm. He is going ahead, tá sé ag dul chun cinn, ag dul ar aghaidh. You should look ahead, ba chóir duit féachaint romhat. b Go ahead! (i) ar aghaidh leat! (ii) oibrigh leat!
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Three pence a head, trí phingin an duine.
I banged his head on a stone, bhuail mé a chloigeann faoi chloch.
To bind a wreath about s.o.'s head, fleasc a chasadh thart faoi chloigeann duine.
To bring down a sword on s.o.'s head, buille de chlaíomh a tharraingt anuas ar cheann duine.
To call down curses on a person's head, mallachtaí a chur ar dhuine.
To clap a pistol to s.o.'s head, piostal a ropadh le cloigeann duine.
To give s.o. a clump on the head, cíonán m, cuaifeach m, a thabhairt sa chloigeann do dhuine.
We are heading for a crisis, tá uair na cinniúna chugainn.
The President was only a figure-head, ní raibh ann ach ainm uachtaráin.
(Of abscess) It is gathering to a head, tá sé ag aibiú; tá gor ann.
He is taller than I by a head, tá an cloigeann aige orm.
Turf: (Of horse) He won by a head, bhain sé an rás de cheann.
To give a horse his head, ceann scaoilte a thabhairt do chapall.
A fine head of hair, cúl m breá gruaige.
He has a good head on his shoulders, his head is screwed on the right way, tá cloigeann maith air, tá intinn mhaith chúil aige.
He has a good head for business, tá ciall mhaith do ghnóthaí aige.
I have an idea running through my head, tá smaoineamh ag rith trí m'intinn.
He gave an answer out of his own head, d'fhreagair sé as a stuaim féin é.
F: I have a bad head, a head on me, tá tinneas cinn orm.
Car with a folding head, carr faoi cheann infhillte.
To come to a head, to gather to a head, teacht chun cinn.
To bring a matter to a head, scéal a thabhairt chun tosaigh.
Jur: Heads of a charge, cinn cúise.
To collide with a ship head on, bualadh díreach in éadan loinge.
At the head of a column, ar thosach colúin.
Head of a department, ceann roinne.
They paid so much a head, per head, d'íoc siad an oiread seo an duine.
Head of a coin, aghaidh f boinn.
To head (down) a tree, barr crainn a sciotadh.
To head a chapter with certain words, focail áirithe a chur os cionn caibidle.
To head for a place, déanamh, díriú, ar áit.
They had a head-on collision, greadadh díreach in éadan a chéile iad.
To give s.o. a knock on the head, (i) buille a thabhairt do dhuine sa chloigeann; (ii) duine a chnagadh.
To keep a level head, fanacht go socair stuama.
He kept a level head, choinnigh sé greim ar a chiall.
A light-headed person, éadromán m.
To lop off a head, ceann a bhaint.
To present a pistol at s.o.'s head, piostal a aimsiú ar cheann duine.
To set a price on s.o.'s head, fiacha a chuid fola a chur ar dhuine. 
To put a bullet through s.o.'s head, piléar a chur trí chloigeann duine.
He gave his head a scratch, thochais sé a cheann.
To settle a hat on your head, hata a shocrú ar do cheann.
A shake of the head, croitheadh cinn.
To slip a dress over one's head, gúna a tharraingt anuas thar do cheann.
To do a sum in your head, ceist a fhuascailt as do cheann.
Keep a civil tongue in your head, bíodh múineadh ort.
To top s.o. by a head, an cloigeann a bheith agat ar dhuine.
The horse gave a toss of the head, chaith an capall a ceann.
To run one's head against a (brick) wall, do chloigeann a ghreadadh in éadan balla; bheith ag fadú tine faoi loch.
My head is in a whirl, tá ré roilleacán i mo cheann.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I have a pain in my side, tá pian i mo thaobh. He has a pain in his head, tá tinneas cinn air.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News