wall1, s.1Balla m, múr m. Main walls, ballaí móra. Blank wall, balla bán. Surrounding wall, caiseal m. Dry wall, balla fuar. Partition wall, spiara m, portbhalla m. El.E: Wall switchboard, lasc-chlár balla. He left only the bare walls standing, níor fhág sé ina seasamh ach cabhail an tí. You might as well talk to a wall as give him advice, cuimilt mhéire do chloch a bheith á chomhairliú sin. To run one's head against a (brick) wall, do chloigeann a ghreadadh in éadan balla; bheith ag fadú tine faoi loch. F: He can see through a brick wall, duine fíorghrinn é; d'fheicfeadh sé an féar ag fás. F: He went to the wall, buaileadh é; treascraíodh é. The weakest always goes to the wall, an té a bhíos thíos buailtear cos air. Wall of rocks, fál m carraigeacha. Within the walls (of the town), faoi iamh, faoi chompar, an bhaile. The Great Wall of China, Mór-Mhúr na Síne. Pol.E: High tariff walls, cosaint f ardchánach. 2Cumhdach m (cléibh, cille). Geol: Wall of a lode, balla m féithe.
wall2, v.tr.1To wall (in), (áit) a fhálú; balla a chur timpeall ar (áit). 2Cuirim balla le (port, tobar, etc.).
To lean up against the wall, with one's back against the wall; to lean back against the wall, droim a chur le balla; seasamh (droim) le balla, i gcoinne an bhalla.