current1, a.Coitianta, i gcúrsaíocht.Current number (of a periodical), an uimhir láithreach (de thréimhseachán). Current reports, scéalta mpl atá ag dul thart. That is current, tá glactha leis sin. In current use, i ngnáthchleachtadh; in úsáid go coitianta. Current events, cúrsaí an lae. Bank: Current account, cuntas m reatha. ►currently, adv.Go coitianta, go gnách; faoi láthair, i láthair na huaire. It is currently reported that .... tá sé ina scéal faoi láthair go . . .
current2, s.1aSruth m -a, feacht m -a. Nau: Back current, cúlsruth m. He is drifting with the current, tá a chuid maidí ligthe le sruth aige. bThe current of events, imeacht m na gcúrsaí. 2Electric current, sruth m leictreach. Direct current, sruth díreach. Alternating current, sruth ailtéarnach.