alive, a.1a(Of pers.) Is he (still) alive?an bhfuil sé beo ar fad?If he is still alive, má tá sé ina bheatha fós. Are your parents alive?an maireann d'athair is do mháthair?To keep s.o. alive, an t-anam a choinneáil i nduine. He was burned, buried, alive, dódh, cuireadh, beo beathach é. It's good to be alive, is breá an rud a bheith beo. Dead or alive, beo nó marbh. He was misjudged while alive, nuair a bhí sé beo ní raibh an meas ceart air. The best man alive, an fear is fearr ar thalamh an domhain. He will do it better than any man alive, níl aon fhear beo a dhéanfas é chomh maith leis. F: Man alive!a dhuine chléibh, a dhuine chroí. Man alive! is it you?an féidir gur tú atá ann?bTo keep the fire alive, an dé a choinneáil sa tine. To keep courage alive, misneach a chothú. 2I am fully alive to the honour they have done me, tá tuiscint mhaith agam ar an onóir a fuair mé uathu. He is fully alive to the danger, tuigeann sé go maith an chontúirt atá ann. He is alive to the fact that. . ., níl sé ceilte air go. . . . 3He is very much alive, (i) tá sé an-bheoga; (ii) tá sé iontach furchaí san intinn. Look alive!bog thú féin! déan deifir!4The cheese was alive with worms, bhí an cháis ar snámh le crumhóga. The moor is alive with rabbits, tá an sliabh beo le coiníní. The street was alive with people, bhí an tsráid dubh le daoine. 5El.E: (Sreang) bheo.