Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: ail · aill · ala · alb · ale
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for all »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
all. I a., pron. & adv. 1 Uile, go léir, iomlán, ar fad. a (With noun or pronoun expressed) All Ireland, Éire uile, go huile. All day, i rith an lae go léir. All men, an uile dhuine. All the others, an chuid, an mhuintir, eile ar fad. She, of all people . . ., ise, thar dhuine ar bith . . . During all his life, i rith a shaoil. All the way, ar feadh an bhealaigh. For all his wealth..., d'ainneoin a chuid saibhris . . . With all speed, chomh luath is is féidir; le luas lasrach. At all hours, moch mall, go moch is go mall. You are not as ill as all that, níl tú chomh tinn sin amach. (With antecedent) Is that all the money you have? an é sin a bhfuil d'airgead agat? The best one of all those which I bought, an ceann is fearr dar cheannaigh mé. b (Of pers.) All of us, sinn uile; an t-iomlán againn. All together, an t-iomlán in éineacht. (With antecedent) I spoke to all the people who were there, labhair mé lena raibh (de dhaoine) ann. c We all love him, tá grá againn uile air. I know it all, (i) tá a fhios sin uile agam; (ii) (of poem, etc.) tá sé uile agam. Take it all, beir leat an t-iomlán. Games: We are five all, táimid a cúig araon; a cúig ar gach taobh. d neut.All is lost, tá deireadh caillte. For all that he says, ainneoin a ndeireann sé. That's all, sin uile é. Is that all? (i) an é sin uile é? sin a bhfuil?; (ii) Iron: níor dhada beagán. If that is all (the difficulty), mura bhfuil ann ach sin. All’s well, tá gach uile shórt ceart. S.a. WELL3 II. 2. When all is said and done, tar éis an tsaoil. 2 a Once for all, aon uair amháin agus an uair dheireanach. For all I know, ar feadh a bhfuil a fhios agam; go bhfios dom. For all I care, ar scáth a gcuireann sé de bhuaireamh ormsa. S.a. FOR I. 9. Twenty men in all, fiche fear, líon a slua. b Most of all, os cionn gach uile ní. (The) best of all would be to . . ., ba é an rud ab fhearr. . . S.a. FIRST III. 1. c   At all. (i) Did you speak at all, ar labhair tú focal ar bith? Do you know him at all? an bhfuil aon aithne agat air? Are you ill? Not at all! an bhfuil tú breoite? nílim ná breoite. Nothing at all, rud ar bith, aon rud. I don't know at all, níl a fhios agam faoin spéir; níl a fhios agam dubh ná bán. (ii) If he comes at all, má thagann sé ar chor ar bith. If you are at all anxious, má tá (bhíonn) imní dá laghad ort. If there is any wind at all, má tá (bhíonn) smid ar bith gaoithe ann. d   All but It is all but impossible, ar éigean is féidir é. I all but fell, dóbair dom titim. It is all but finished, tá sé ionann is críochnaithe. He all but kissed me, ní raibh ann ach nár phóg sé mé. e All in all, gach rud leis an rud eile; tríd an bpíosa. They were all in all to each other, ní raibh ann ach iad. He imagines that he is all and all to the business, sileann sé gurb é féin bun agus barr an ghnó. f F: And all, agus an chuid eile uile. 3 adv. He is all alone, níl baistíoch aige ach é féin. She was (dressed) all in black, bhí éadach dubh ó bhonn go baithis uirthi. His hands were all mud, bhí a lámha faoi lathacha uile. She is all impatience, tá sí lán le mífhoighne. He is not all bad, ní drochdhuine ar fad é. All the better, the worse, is amhlaidh is fearr, is measa, é. You are all the better for it, is fearrde thú é. The hour came all too soon, róluath a tháinig an t-am. All at once, (i) (suddenly) go tobann; (ii) (at one time) in éineacht. II   all, s. Iomlán m. My all, mo chuid den saol. He staked his all, chuir sé a raibh ar an saol aige i ngeall (air). He lost his little all, chaill sé cibé pinginí beaga a bhí aige.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
All aboard! ar bord libh!
What is it all about? cad is bun, cúis, leis?
Above all, os cionn gach uile ní; thar gach ní.
To be above (all) suspicion, bheith os cionn amhrais.
He is all abroad, tá dul amú mór air; tá seachrán trom air.
I am all abroad, níl bun ná barr le fáil agam air.
By all accounts, de réir gach scéil, gach tuairisce.
F: I am all aches and pains, níl aon bhall i mo chorp nach bhfuil pian ann.
In all her adornments, faoi iomlán a cuid gréibhlí.
F: You are all adrift, tá tú glan ar seachrán.
He told us all his adventures, d'aithris sé a chuid eachtraíochta dúinn.
To be (all) afire with desire to..., bheith ar lasadh le fonn chun...
After all (is said and done), tar éis an tsaoil; i ndiaidh gach ní.
He was all aglow after the race, bhí sé trí lasadh tar éis an rása.
To be (all) agog (with excitement), bheith an-tógtha.
He is (all) agog to go, tá sé ar bior ag iarraidh imeacht, tá sé á bheophianadh go n-imeoidh sé.
I set him all agog, chuir mé fuadar faoi; F: chuir mé an tine ar an bpíopa aige.
All hands ahoy! aníos ar bord leis an iomlán!
It is all in the air as yet, níl ann ach caint go fóill.
All that money has vanished into thin air, tá an t-airgead sin uile imithe le sruth.
You are all alike, tá sibh uile cosúil le chéile; mar a chéile ar fad sibh.
Ins: All-in policy, ilpholasaí m.
Sp: All-in wrestling, iliomrascáil f.
All-night service, seirbhís i rith na hoíche.
All-night pass, cead m go maidin.
An all-round man, fear ilbheartach.
All-round improvement, biseach ar gach uile bhealach.
He lives (all) alone, tá sé ina chónaí leis féin, ina aonar.
He was all alone, bhí sé ina chadhan aonraic.
Your work is all right, leave it alone, tá do chuid oibre mar is ceart, fág é mar atá sé.
I knew that all along, bhí a fhios sin agam i rith an ama.
Things are (going) all anyhow, tá an uile rud bun os cionn.
To, by, all appearances, de réir gach cosúlacht.
I fully appreciate all you have done, is mór mo mheas ar a ndearna tú.
Armed at all points, armáilte ó bhun go barr.
All around, ar gach taobh, máguaird.
He has made all arrangements, tá gach aon rud socair aige.
At all events, ar aon nós; ar scor ar bith.
He lay awake all night, bhí sé ina luí múscailte, ar neamhchodladh, i rith na hoíche.
(Of plans, etc.) To go all awry, bheith síos agus suas, bheith bun os cionn.
It baffled all the doctors, chuaigh sé ó scil, ó thuiscint, ar na dochtúirí ar fad.
F: He barked all night, mhair sé ag casachtach, ag colfarsach, i rith na hoíche.
They were all gone, bhí siad uile imithe.
All truths will not bear telling, ní bhíonn an fhírinne ininste i gcónaí.
To bring all one's strength to bear on a lever, iomlán do mheáchain a chur, a ligean, ar luamhán.
They bore down all resistance, chloígh siad gach rud dá raibh ina n-aghaidh.
Beyond (all) bearing, dofhulaingthe.
I examined the question in all its bearings, bhreithnigh mé gach uile thaobh den scéal.
What is behind all this? céard atá ar a chúl seo? céard is bunúdar leis seo?
With all my being, le mo chroí go hiomlán.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News